+Airteagal 10 Tuairisciú agus athbhreithniú
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
|
Airteagal 10 Tuairisciú agus athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Faoin 2 Lúnasa 2022, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a bheidh déanta chun an Treoir seo a chur chun feidhme agus faoi intinn na mBallstát i ndáil le gníomhaíochtaí cur chun feidhme sa todhchaí, lena n-áirítear uainiú agus comhroinnt díchill a d'fhéadfadh a bheith ann idir leibhéil éagsúla rialachais, agus faoi aon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Faoin 18 Aibreán 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le cur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh faisnéis sna tuarascálacha sin maidir leis na bearta a rinneadh chun an Treoir seo a chur chun feidhme, maidir le gníomhaíochtaí cur chun feidhme amach anseo, chomh maith le haon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin freisin líon na bhfeithiclí agus catagóirí na bhfeithiclí arna gcumhdach ag na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo, bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear an fhaisnéis i láthair ar bhonn na gcatagóirí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
).
|
|
Airteagal 10 3.
|
Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir lena n-oibleagáidí tuairiscithe, déanfaidh an Coimisiún líon na bhfeithiclí agus catagóirí na bhfeithiclí a chumhdaítear leis na conarthaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d'Airteagal 3(1) den Treoir seo a thabhairt le chéile agus a fhoilsiú trí na sonraí ábhartha a bhaint as fógraí faoi dhámhachtain conarthaí a fhoilsítear ar an mbunachar sonraí “Tender Electronic Daily” (TED) i gcomhréir le Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Faoin 18 Aibreán 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit ina leith sin, tar éis na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach maidir lena leasú don tréimhse tar éis 2030 a thíolacadh, lena n-áirítear spriocanna nua a leagan síos agus catagóirí eile feithiclí a áireamh inti, amhail feithiclí dhá nó trí roth.
|
|
Airteagal 10 6.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 9(2) lena leagtar amach formáid na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus a socruithe tarchuir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009L0033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|