|
+Airteagal 2 |
Airteagal 2Airteagal 2 D’fhonn an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, is iad seo a leanas cúraimí na Gníomhaireachta:
(a)
an gréasán dá dtagraítear in Airteagal 4 a bhunú, i gcomhar leis na Ballstáit, agus an gréasán sin a chomhordú; sa chomhthéacs sin, beidh an Ghníomhaireacht freagrach as sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú, go háirithe sonraí sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 3;
(b)
faisnéis oibiachtúil a sholáthar don Chomhphobal agus do na Ballstáit, arb í an fhaisnéis í is gá chun beartais chomhshaoil fhónta agus éifeachtacha a chruthú agus a chur chun feidhme; chuige sin, go háirithe an fhaisnéis a theastaíonn ón gCoimisiún a sholáthar dó chun go mbeidh sé in ann na cúraimí atá air a chomhall go rathúil maidir le bearta agus le reachtaíocht i réimse an chomhshaoil a shainaithint, a ullmhú agus a mheasúnú;
(c)
cúnamh a thabhairt maidir le faireachán a dhéanamh ar bhearta comhshaoil trí thacaíocht chuí do cheanglais tuairiscithe (lena n-áirítear trí rannpháirtíocht i bhforbairt ceistneoirí, i bpróiseáil tuarascálacha ó Bhallstáit agus i ndáileadh na dtorthaí), i gcomhréir lena clár oibre ilbhliantúil agus ar mhaithe le tuairisciú a chomhordú;
(d)
comhairle a thabhairt do na Ballstáit aonair maidir le forbairt, bunú agus leathnú a gcuid córas chun faireachán a dhéanamh ar na bearta comhshaoil, arna iarraidh sin dóibh agus i gcás ina mbeidh sé sin i gcomhréir le clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta, agus ar choinníoll nach ndéanann gníomhaíochtaí den sórt sin comhlíonadh na gcúraimí eile arna mbunú leis an Airteagal seo a chur i mbaol; féadfaidh athbhreithnithe piaraí ó shaineolaithe a bheith san áireamh i gcomhairle den sórt sin arna iarraidh sin go sonrach do na Ballstáit;
(e)
sonraí faoi staid an chomhshaoil a thaifeadadh, a chóimheas agus a mheasúnú, tuarascálacha saineolaíocha maidir le cáilíocht agus íogaireacht an chomhshaoil, agus maidir leis na brúnna ar an gcomhshaol, laistigh de chríoch an Chomhphobail a tharraingt suas, critéir mheasúnachta aonfhoirmeacha a sholáthar i gcomhair na sonraí comhshaoil a bheidh le cur i bhfeidhm sna Ballstáit go léir, lárionad tagartha faisnéise comhshaoil a fhorbairt tuilleadh agus a chothabháil; úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i gcomhlíonadh a chúraim dó maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Chomhphobail ar an gcomhshaol a áirithiú;
(f)
cuidiú a thabhairt lena áirithiú go bhfuil na sonraí comhshaoil ar an leibhéal Eorpach inchomparáide agus, más gá, comhchuibhiú feabhsaithe modhanna tomhais a spreagadh trí mheán iomchuí;
(g)
cur chun cinn a dhéanamh maidir le hionchorprú na faisnéise Eorpaí comhshaoil i gcláir idirnáisiúnta maidir le faireachán ar an gcomhshaol, amhail na cláir sin arna mbunú ag na Náisiúin Aontaithe agus ag a shainghníomhaireachtaí;
(h)
tuarascáil a fhoilsiú gach cúig bliana ar staid an chomhshaoil, ar chlaontaí sa chomhshaol agus ar na hionchais atá i ndán don chomhshaol, arna forlíonadh le táscthuarascálacha ina ndírítear ar shaincheisteanna sonracha;
(i)
spreagadh a thabhairt maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm teicníochtaí réamhaisnéise comhshaoil ionas gur féidir bearta coisctheacha leordhóthanacha a ghlacadh in am trátha;
(j)
spreagadh a thabhairt maidir le forbairt modhanna chun measúnú a dhéanamh ar chostas an damáiste a dhéantar don chomhshaol agus ar na costais a bhaineann le beartais choisctheacha, cosanta agus aisirithe maidir leis an gcomhshaol;
(k)
spreagadh a thabhairt maidir le malartú faisnéise faoi na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun an damáiste don chomhshaol a chosc nó a laghdú;
(l)
comhoibriú leis na comhlachtaí agus leis na cláir dá dtagraítear in Airteagal 15;
(m)
a áirithiú go scaipfear faisnéis iontaofa agus inchomparáide faoin gcomhshaol go forleathan, go háirithe faisnéis faoi staid an chomhshaoil, i measc an phobail i gcoitinne agus, chuige sin, úsáid na teicneolaíochta nua teileamaitice a chur chun cinn chun na críche sin;
(n)
tacaíocht a thabhairt don Choimisiún sa phróiseas malartaithe faisnéise maidir le forbairt modheolaíochtaí agus dea-chleachtais i dtaca le measúnú comhshaoil;
(o)
cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le dáileadh faisnéise faoi thorthaí taighde ábhartha comhshaoil agus í i bhfoirm a sholáthróidh an cúnamh is fearr i dtaca le forbairt beartais;
(p)
chun modheolaíochtaí measúnúcháin a bhaineann le ceimiceáin a fhorbairt sna réimsí a thagann faoina sainordú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|