+Airteagal 8
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
|
Airteagal 8
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Beidh Bord Bainistíochta ag an nGníomhaireacht ar a mbeidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus dhá ionadaí ón gCoimisiún. Ina theannta sin, féadfaidh ionadaí amháin ó gach tír eile atá rannpháirteach sa Ghníomhaireacht a bheith ann i gcomhréir leis na forálacha ábhartha.
Ina theannta sin, déanfaidh Parlaimint na hEorpa dhá phearsa eolaíochta atá saincháilithe i réimse chosaint an chomhshaoil a ainmniú mar chomhaltaí den Bhord Bainistíochta, agus roghnófar na pearsana sin ar bhonn an rannchuidithe phearsanta ar dóigh dóibh a dhéanamh i dtaca le hobair na Gníomhaireachta.
Féadfaidh comhalta malartach ionadaíocht a dhéanamh ar gach comhalta den Bhord Bainistíochta.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Toghfaidh an Bord Bainistíochta a chathaoirleach as measc chomhaltaí an bhoird ar feadh tréimhse trí bliana agus glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta. Beidh vóta ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta.
Toghfaidh an Bord Bainistíochta biúró chuig a bhféadfaidh sé cinntí feidhmiúcháin a tharmligean de réir na rialacha a ghlacfaidh sé.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Beidh gá le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird chun cinntí an Bhoird Bainistíochta a ghlacadh.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Glacfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre ilbhliantúil a bheidh bunaithe ar na réimsí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), agus déanfaidh sé dréacht a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9 faoina bhráid a úsáid mar bhonn, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, agus tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil. Áireofar meastachán buiséid ilbhliantúil sa chlár oibre ilbhliantúil, ach sin gan dochar do nós imeachta buiséadach bliantúil an Chomhphobail.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Faoin gclár ilbhliantúil, glacfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre na Gníomhaireachta gach bliain ar bhonn dréachta a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bhráid tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíochta agus tuairim an Choimisiúin a fháil. Féadfar an clár a choigeartú i gcaitheamh na bliana leis an nós imeachta céanna.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Déanfaidh an Bord Bainistíochta an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ghlacadh agus í a chur ar aghaidh, faoin 15 Meitheamh ar a dhéanaí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na Ballstáit.
|
|
Airteagal 8 7.
|
Déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis uile a bhaineann le toradh na nósanna imeachta meastóireachta a chur ar aghaidh, ar bhonn bliantúil, chuig an údarás buiséadach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0401
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|