|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gceannas ar an nGníomhaireacht agus is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh é ar thogra ón gCoimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana, ar tréimhse í a bheidh inathnuaite. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:
(a)
na cinntí agus na cláir arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú agus a fhorghníomhú go cuí;
(b)
riarachán na Gníomhaireachta ó lá go lá;
(c)
na cúraimí a shainítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 a chomhlíonadh;
(d)
na tuarascálacha a shonraítear in Airteagal 2 (h) a ullmhú agus a fhoilsiú;
(e)
na nithe go léir a bhaineann leis an bhfoireann agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus (5) a chomhlíonadh. Gheobhaidh sé tuairim an choiste eolaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, chun críocha foireann eolaíochta na Gníomhaireachta a earcú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|