|
+Airteagal 3 Sainmhínithe |
Airteagal 3 SainmhínitheAirteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.
ciallaíonn “inneall” foinse gluaistiomána feithicle a bhféadfar cineá-lcheadú a dheonú ina leith mar aonad teicniúil faoi leith, mar a shainmhínítear i bpointe 25 d’Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE.
2.
ciallaíonn “truailleáin ghásacha” astaíochtaí gáis sceite aonocsaíde carbóin, NOx, arna shloinneadh i gcoibhéis NO2, agus hidreacarbóin.
3.
ciallaíonn “truailleáin cháithníneacha” comhábhair den ghás sceite a bhaintear as an ngás sceite caolaithe ag teocht uasta 325 K (52 oC) trí mheán na scagairí a thuairiscítear sa nós imeachta tástála maidir le meánastaíochtaí ón sceithphíopa a fhíorú.
4.
ciallaíonn “astaíochtaí ón sceithphíopa” astú truailleán gásach agus cáithníneach.
5.
ciallaíonn “cás an chromáin” na spásanna san inneall, nó na spásanna seachtracha de chuid innill, atá i gceangal le humar na hola trí dhuchtanna inmheánacha nó seachtracha trínar féidir gáis agus gala astú.
6.
ciallaíonn “feiste rialaithe truaillithe” na comhpháirteanna sin d’fheithicil lena rialaítear agus/nó lena dteorannaítear astaíochtaí ón sceithphíopa.
7.
ciallaíonn “córas diagnóiseach ar bord (DAB)” córas atá ar bord feithicle nó atá i gceangal le hinneall, ar córas é a bhfuil sé de chumas ann mífheidhmeanna a bhrath, agus, más infheidhme, comhartha a thabhairt le córas aláraim má tharlaíonn mífheidhmeanna, réimse dóchúil mífheidhme a shainaithint trí bhíthin faisnéise a stóráiltear i gcuimhne ríomhaire, agus an fhaisnéis sin a chur in iúl go seachtrach.
8.
ciallaíonn “straitéis uathmhaolaithe” straitéis rialaithe astaíochtaí lena laghdaítear éifeachtacht na rialuithe astaíochtaí faoi dhálaí comhthimpeallacha oibrithe nó faoi dhálaí oibrithe innill atá ann i rith gnáthoibriú feithicle nó lasmuigh de na nósanna imeachta tástála cineál-cheadaithe.
9.
ciallaíonn “feiste bhunaidh rialaithe truaillithe” feiste rialaithe truaillithe nó cóimeáil feistí den sórt sin a chlúdaítear leis an gcineál-cheadú arna dheonú i leith na feithicle lena mbaineann.
10.
ciallaíonn “feiste athsholáthair rialaithe truaillithe” feiste rialaithe truaillithe nó cóimeáil feistí den sórt sin atá beartaithe lena cur in ionad feiste bunaidh rialaithe truaillithe agus is féidir a cheadú mar aonad teicniúil faoi leith mar a shainmhínítear i bpointe 25 d’Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE. ▼M3 —————
12.
ciallaíonn “monaróir” an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás formheasta maidir le gach gné den phróiseas cineál-cheadaithe nó den phróiseas údaraithe agus maidir le comhréireacht táirgeachta a áirithiú. Níl sé riachtanach go mbeadh an duine nó an comhlacht páirteach go díreach i ngach céim de thógáil na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil faoi leith arb é nó í is ábhar don phróiseas formheasta. ▼M3 —————
14.
ciallaíonn “feithicil ►C2 breosla mhalartaigh ◄ ” feithicil atá ceaptha chun bheith in ann oibriú le cineál amháin breosla ar a laghad atá gásach ag teocht agus brú atmaisféarach nó le breosla a dhíorthaítear ó fhoinsí de chineál ola neamh-mhianraí den chuid is mó.
15.
ciallaíonn “mais tagartha” mais na feithicle agus í i riocht oibrithe lúide mais aonfhoirmeach 75 kg an tiománaí arna méadú de mhais aonfhoirmeach 100 kg.
16.
ciallaíonn “crioscaíl” córas rialála astaíochta na feithicle nó córas tiomána na feithicle, lena n-áirítear aon bhogearra nó aon mhíreanna rialaithe loighistice eile de chuid na gcóras sin, a dhíghníomhú, a choigeartú nó a mhodhnú, arb é is éifeacht leis, cibé acu beartaithe nó gan bheith beartaithe, ná gur chun donais a théann feidhmíocht astaíochta na feithicle. Féadfaidh an Coimisiún an sainmhíniú i bpointe 7 den chéad fhomhír a oiriúnú chun an dul chun cinn teicniúil i gcórais OBD a léiriú. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|