+Airteagal 8 Tráthchlár le haghaidh cineál-cheadú a chur i bhfeidhm ar fheithiclí agus innill
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.

Airteagal 8 Tráthchlár le haghaidh cineál-cheadú a chur i bhfeidhm ar fheithiclí agus innill

Tráthchlár le haghaidh cineál-cheadú a chur i bhfeidhm ar fheithiclí agus innill

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Le héifeacht ón 31 Nollaig 2012, diúltóidh na húdaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí, cineál-cheadú CE nó cineál-cheadú náisiúnta a dheonú i leith cineálacha nua feithiclí nó inneall nach gcomhlíonann an Rialachán seo ná bearta cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Féadfar deimhnithe teicniúla ar chineál-cheadú a fhreagraíonn do na céimeanna astaíochta roimh Euro VI a dheonú i leith feithiclí agus inneall a bheartaítear a onnmhairiú go dtí tríú tíortha, ar choinníoll go luaitear go soiléir ar na deimhnithe sin nach féidir na feithiclí agus na hinnill sin a chur ar mhargadh an Chomhphobail.

Airteagal 8 2.
Le héifeacht ón 31 Nollaig 2013, measfaidh na húdaráis náisiúnta, i gcás feithiclí nua nach gcomhlíonann an Rialachán seo ná bearta cur chun feidhme an Rialacháin seo, nach mbeidh na deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE agus déanfaidh siad, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí, toirmeasc a chur ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís na bhfeithiclí sin.

Le héifeacht ón dáta céanna agus cé is moite den chás maidir le hinnill athsholáthair le haghaidh feithiclí atá in úsáid, toirmiscfidh na húdaráis náisiúnta díol nó úsáid inneall nua nach gcomhlíonann an Rialachán seo agus bearta cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 8 3.
Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2 den Airteagal seo, agus faoi réir theacht i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(3), in Airteagal 5(4) agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(2), má iarrann monaróir amhlaidh, ní fhéadfaidh na húdaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí ó fheithiclí, diúltú cineál-cheadú CE nó cineál-cheadú náisiúnta i leith cineáil nua feithicle nó innill a dheonú, nó toirmeasc a chur ar fheithicil nua a chlárú, a dhíol nó a chur i seirbhís ná ar innill nua dhíol nó a úsáid, más rud é go gcomhlíonann an fheithicil nó na hinnill áirithe an Rialachán seo agus bearta cur chun feidhme an Rialacháin seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0595
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.