+Airteagal 12 Athshainmhíniú ar na Sonraíochtaí
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
|
Airteagal 12 Athshainmhíniú ar na Sonraíochtaí
Athshainmhíniú ar na Sonraíochtaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Tar éis na codanna ábhartha de CTC na NA/ECE a thabhairt chun críche, arna sheoladh faoi choimirce an Fhóraim Dhomhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, déanfaidh an Coimisiún, gan an leibhéal cosanta comhshaoil laistigh den Chomhphobal a ísliú:
(a)
luachanna teorainneacha atá bunaithe ar líon na gcáithníní a thabhairt isteach mar rialú breise ar astaíochtaí ábhair cháithnínigh agus iad socraithe ar leibhéal is iomchuí don teicneolaíocht a bheidh in úsáid iarbhír ag an tráth sin chun an teorainn ar mhais cháithníneach a chomhlíonadh;
(b)
nós imeachta tomhais a ghlacadh maidir le líon na gcáithníní.
Déanfaidh an Coimisiún freisin, gan an leibhéal cosanta comhshaoil laistigh den Chomhphobal a ísliú, luach teorann a shonrú d’astaíochtaí NO2 de bhreis ar an luach teorann d’astaíochtaí iomlána NOx, más iomchuí sin. Socrófar an teorainn d’astaíochtaí NO2 ar leibhéal a léireoidh feidhmíocht na teicneolaíochta a bheidh ann ag an am. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2).
|
|
Airteagal 12 2.
|
Bunóidh an Coimisiún fachtóirí comhghaoil idir an timthriall díomuan Eorpach (TDE) agus an timthriall foistine Eorpach (TFE) arna dtuairisciú i dTreoir 2005/55/CE, de thaobh amháin, agus an timthriall tiomána díomuan comhchuibhithe domhanda (TDCD) agus an timthriall tiomána foistine comhchuibhithe domhanda (TFCD), den taobh eile, agus oiriúnóidh sé na luachanna teorainneacha dá réir sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2).
|
|
Airteagal 12 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leanúnach ar na nósanna imeachta, ar na tástálacha agus ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 5(4) chomh maith leis na timthriallta tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas. Má shuitear leis an athbhreithniú nach leordhóthanach a thuilleadh na nósanna imeachta, na tástálacha, na ceanglais agus na timthriallta tástála sin nó nach léiríonn siad a thuilleadh fíor-astaíochtaí domhanda, oiriúnófar iad chun go léireoidh siad go leordhóthanach na hastaíochtaí a ghintear le tiomáint iarbhír ar an mbóthar. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2).
|
|
Airteagal 12 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leanúnach ar na truailleáin atá liostaithe i bpointe 2 d’Airteagal 3. Má thagann an Coimisiún ar an tátal gur iomchuí rialáil a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán breise, déanfaidh sé togra chun an Rialachán seo a leasú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.09.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0595
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|