+SECTION 2 Offshore wind projects
---+Airteagal 12 Cúnamh CFET a dheonú
------+Article 12 1.
------+Article 12 2.
------+Article 12 3.
---+Airteagal 13 Cáilitheacht
------+Article 13 1.
------+Article 13 2.
------+Article 13 3.
---+Airteagal 14 Critéir roghnúcháin agus dámhachtana
------+Article 14 1.
------+Article 14 2.
---+Airteagal 15 Coinníollacha maidir le maoiniú
------+Article 15 1.
------+Article 15 2.
---+Airteagal 16 Ionstraimí
------+Article 16 1.
------+Article 16 2.
|
SECTION 2 Offshore wind projects
SECTION 2 Offshore wind projects
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 Cúnamh CFET a dheonú
|
Airteagal 12 Cúnamh CFET a dheonú 1. Déanfar cúnamh CFET le haghaidh tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a dhámhadh tar éis na hiarrata ar thograí a bheidh teoranta do na gníomhaíochtaí lena ndéanfar na tionscadail a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn a chur chun feidhme. 2. Iarrfaidh an Coimisiún tograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na tograí sin na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 13 agus na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 14. 3. Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe ar an eolas faoi aon chúnamh CFET a bheidh le deonú.
|
|
Airteagal 13 Cáilitheacht
|
Airteagal 13 Cáilitheacht 1. Ní bheidh tograí cáilithe chun cúnamh CFET a fháil ach amháin i gcás ina gcuireann siad na tionscadail a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn chun feidhme, nach rachaidh siad thar na méideanna uasta de chúnamh CFET a leagtar síos ansin, agus go gcomhallann siad na critéir roghnúcháin agus dámhachtana faoi Airteagal 14. Treoróidh gnóthas tráchtála na tionscadail sin. 2. Féadfaidh gnóthas amháin nó roinnt gnóthas, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, tograí a thíolacadh. 3. Ní bheidh tograí cáilithe más daoine nádúrtha a thíolacann iad.
|
|
Airteagal 14 Critéir roghnúcháin agus dámhachtana
|
Airteagal 14 Critéir roghnúcháin agus dámhachtana 1. Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir roghnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:
(a)
fóntacht agus leordhóthanacht theicniúil an chur chuige;
(b)
fóntacht an phacáiste airgeadais do chéim iomlán infheistíochta an tionscadail.
2. Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir dámhachtana seo a leanas i bhfeidhm:
(a)
aibíocht, arb é a sainmhíniú ná céim na hinfheistíochta a bheith bainte amach, agus caiteachas substaintiúil caipitiúil a thabhú faoi dheireadh 2010;
(b)
a mhéid atá an easpa rochtana ar mhaoiniú ag moilliú chur chun feidhme na gníomhaíochta;
(c)
a mhéid a fheabhsaíonn nó a mhéadaíonn an tionscadal scála na suiteálacha agus na mbonneagar atá á dtógáil cheana féin, nó atá ag céim na pleanála;
(d)
a mhéid a áirítear sa tionscadal tógáil suiteálacha agus bonneagar lánmhéide ar scála tionsclaíoch, agus a mhéid a dhéileáiltear leis na nithe seo a leanas go háirithe:
(i)
inathraitheacht leictreachais gaoithe a chothromú trí chórais comhtháthaithe;
(ii)
córais stórála ar mhórscála a bheith ann;
(iii)
feirmeacha gaoithe a bhainistiú mar ghléasraí fíorúla cumhachta (níos mó ná 1 GW)
(iv)
tuirbíní á gcur níos faide amach ón gcósta nó in uisce níos doimhne (20 m go 50 m) ná mar a dhéantar de ghnáth faoi láthair;
(v)
nuadhearadh le haghaidh fo-struchtúr; nó
(vi)
na próisis a ghabhann le cóimeáil, suiteáil, oibriú agus díchoimisiúnú, agus tástáil na bpróiséas sin i dtionscadail a bheidh ar fhíorscála;
(e)
gnéithe nuálacha an tionscadail agus a mhéid a léireoidh sé cur chun feidhme na ngnéithe sin;
(f)
tionchar an tionscadail agus a mhéid a rannchuideoidh sé leis an gcóras eangaí gaoithe amach ón gcósta atá ag an gComhphobal, lena n-áirítear a chumas maidir le macasamhlú;
(g)
an tiomantas a léiríonn na tairbhithe maidir le torthaí dul chun cinn teicneolaíochta an tionscadail a scaipeadh ar bhealach atá i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus go háirithe leis na cuspóirí agus na struchtúir arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh.
|
|
Airteagal 15 Coinníollacha maidir le maoiniú
|
Airteagal 15 Coinníollacha maidir le maoiniú 1. Rannchuideoidh cúnamh CFET le caiteachas ar chur chun feidhme an tionscadail, ar caiteachas é atá gaolmhar leis an tionscadal. 2. Ní rachaidh cúnamh CFET thar 50 % de na costais cháilithe.
|
|
Airteagal 16 Ionstraimí
|
Airteagal 16 Ionstraimí 1. Tar éis na hiarrata ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 12(1), déanfaidh an Coimisiúin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), na tograí a gheobhaidh cúnamh CFET a roghnú agus méid an mhaoinithe a dheonófar a chinneadh. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha agus na modhanna ar dá réir a dhéanfar na tograí a chur chun feidhme. 2. Deonófar cúnamh CFET ar bhonn comhaontuithe maidir le deonú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0663
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|