|
+Airteagal 27 Meastóireacht ---+Article 27 1a. ---+Article 27 2. |
Airteagal 27 MeastóireachtAirteagal 27 Meastóireacht ▼M2 ————— 1a. Faoin 30 Meitheamh 2013, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lárthéarma a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na bearta arna nglacadh faoi Chaibidil IIa agus díreofar go háirithe ar na nithe seo a leanas:
(a)
cost-éifeachtúlacht, éifeacht ghiarála agus an bhreisíocht arna léiriú ag an tsaoráid;
(b)
fianaise ar bhainistíocht fhónta airgeadais;
(c)
a mhéid atá na cuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo bainte amach ag an tsaoráid;
(d)
a mhéid atá gá le tacaíocht leanúnach faoin tsaoráid do thionscadail a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite. Beidh togra reachtúil chun go leanfaí den tsaoráid ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta lárthéarma, más iomchuí sin, agus go háirithe más meastóireacht dhearfach ar na bearta arna nglacadh faoi Chaibidil IIa atá i meastóireacht an Choimisiúin. 2. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát ar tairbhí é meastóireacht shonrach a sholáthar ar thionscadail arna maoiniú faoi Roinn I de Chaibidil II, den Rialachán seo nó, más iomchuí, an fhaisnéis agus an cúnamh is gá a sholáthar dó le go ndéanfaidh sé meastóireacht ar na tionscadail sin. ▼M2 ————— 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|