+CAIBIDIL IV FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
---+Airteagal 26 Coistí
------+Article 26 1.
------+Article 26 2.
---+Airteagal 27 Meastóireacht
------+Article 27 1a.
------+Article 27 2.
---+Airteagal 29 Teacht i bhfeidhm
|
CAIBIDIL IV FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
CAIBIDIL IV FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 Coistí
|
Airteagal 26 Coistí 1. Tabharfaidh na coistí seo a leanas cúnamh don Choimisiún:
(a)
i gcás tionscadal bonneagair gáis agus leictreachais, an coiste arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh (
1
);
(b)
i gcás tionscadal gaoithe amach ón gcósta, an coiste arna bhunú le hAirteagal 8 de Chinneadh 2006/971/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gComhar Cláir Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Seachtú Creat-Chlár an Chomhphobail ar thaighde, ar fhorbairt theicneolaíochta agus ar ghníomhaíochtaí taispeána (2007 go 2013) (
2
);
(c)
i gcás tionscadal gabhála agus stórála carbóin, an coiste arna bhunú le hAirteagal 8 de Cinneadh 2006/971/CE;
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de. Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.
|
|
Airteagal 27 Meastóireacht
|
Airteagal 27 Meastóireacht
▼M2 —————
▼M1
1a. Faoin 30 Meitheamh 2013, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lárthéarma a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na bearta arna nglacadh faoi Chaibidil IIa agus díreofar go háirithe ar na nithe seo a leanas:
(a)
cost-éifeachtúlacht, éifeacht ghiarála agus an bhreisíocht arna léiriú ag an tsaoráid;
(b)
fianaise ar bhainistíocht fhónta airgeadais;
(c)
a mhéid atá na cuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo bainte amach ag an tsaoráid;
(d)
a mhéid atá gá le tacaíocht leanúnach faoin tsaoráid do thionscadail a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.
Beidh togra reachtúil chun go leanfaí den tsaoráid ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta lárthéarma, más iomchuí sin, agus go háirithe más meastóireacht dhearfach ar na bearta arna nglacadh faoi Chaibidil IIa atá i meastóireacht an Choimisiúin.
▼B
2. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát ar tairbhí é meastóireacht shonrach a sholáthar ar thionscadail arna maoiniú faoi Roinn I de Chaibidil II, den Rialachán seo nó, más iomchuí, an fhaisnéis agus an cúnamh is gá a sholáthar dó le go ndéanfaidh sé meastóireacht ar na tionscadail sin.
▼M2 —————
▼B
|
|
Airteagal 29 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 29 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0663
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|