|
+Airteagal 5 Rochtain ar an margadh ---+Article 5 1. ---+Article 5 2. ---+Article 5 3. ---+Article 5 4. ---+Article 5 5. |
Airteagal 5 Rochtain ar an margadhAirteagal 5 Rochtain ar an margadh 1. Beidh seirbhísí tráthrialta oscailte do chách ach faoi réir forchoimeádta, i gcás inarb iomchuí. Beidh na seirbhísí sin faoi réir údarú i gcomhréir le forálacha Chaibidil III. Beidh seirbhísí tráthrialta ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa faoi réir údarú i gcomhréir leis an gcomhaontú déthaobhach idir an Ballstát agus an tríú tír agus, i gcás inarb iomchuí, an Ballstát a ndéantar idirthuras tríd, fad nach mbeidh an comhaontú is gá tugtha i gcrích idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann. Coigeartú ar bith a dhéantar ar choinníollacha oibriúcháin na seirbhíse, ní dhéanfaidh sé aon difear do nádúr tráthrialta na seirbhíse. Eagrúchán seirbhísí comhthreomhara nó sealadacha a dhéanfaidh freastal ar an bpobal céanna agus a dhéanann na seirbhísí tráthrialta atá ann, an neamhfhreastal ar stadanna áirithe agus an freastal ar stadanna breise i dtaca le seirbhísí tráthrialta atá ann, rialófar iad leis na rialacha céanna leis na rialacha is infheidhme maidir leis na seirbhísí tráthrialta atá ann. 2. Folóidh seirbhísí tráthrialta speisialta na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
iompar oibrithe idir baile agus ionad oibre;
(b)
iompar do dhaltaí scoile agus do mhic léinn go dtí an institiúid oideachais agus uaithi. Ní dhéanfaidh sé aon difear dá rangú mar sheirbhís thráthrialta go bhféadfaidh seirbhís speisialta bheith athraithe de réir riachtanais na n-úsáideoirí. Ní bheidh seirbhísí tráthrialta speisialta faoi réir údarú i gcomhréir le Caibidil III nuair atá siad cumhdaithe le conradh a thabharfar i gcrích idir an t-eagraí agus an t-iompróir. 3. Ní bheidh údarú i gcomhréir le Caibidil III riachtanach i gcás seirbhísí ócáideacha. Beidh eagrúchán seirbhísí comhfhreagracha nó sealadacha atá inchurtha le seirbhísí tráthrialta atá ann agus a dhéanann freastal ar an bpobal céanna faoi réir údaraithe i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos i gCaibidil III. Ní scoirfidh seirbhísí ócáideacha de bheith ina seirbhísí ócáideacha ar na forais sin amháin gur ag eatraimh áirithe a chuirtear ar fáil iad. Féadfaidh grúpa iompróirí atá ag gníomhú ar son an chonraitheora chéanna seirbhísí ócáideacha a sholáthar, agus féadfaidh taistealaithe naisc a dhéanamh, agus iad ar an mbealach, le hiompróir difriúil den ghrúpa céanna, ar chríoch Ballstáit. Bunóidh an Coimisiún na nósanna imeachta chun ainmneacha na n-iompróirí sin mar aon leis na nascphointí ar an mbealach, a bheidh le cur in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2). 4. Ní bheidh údarú riachtanach ach oiread le haghaidh turas gan lasta ag feithiclí i dtaca leis na hoibríochtaí iompair dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2, agus sa chéad fhomhír de mhír 3. 5. Beidh oibríochtaí iompair féinchuntais díolmhaithe ó údarú ach beidh siad faoi réir córas deimhnithe. Is iad na húdaráis inniúla den Bhallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe a eiseoidh na deimhnithe agus beidh siad bailí ar feadh an turais iomláin lena n-áirítear an idirthuras. Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar na deimhnithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|