|
+Airteagal 23 Smachtbhannaí a fhorchur ag an mBallstát bunaíochta i leith sáruithe ---+Article 23 1. ---+Article 23 2. ---+Article 23 3. |
Airteagal 23 Smachtbhannaí a fhorchur ag an mBallstát bunaíochta i leith sáruitheAirteagal 23 Smachtbhannaí a fhorchur ag an mBallstát bunaíochta i leith sáruithe 1. I gcás ina bhfuil údaráis inniúla Ballstáit ar an eolas faoi shárú tromchúiseach ar an Rialachán seo nó ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar a dhéanann iompróir neamhchónaithigh, déanfaidh an Ballstát arb ina chríoch a fionnadh an sárú an fhaisnéis seo a leanas a tharchur chuig údaráis Bhallstáit bhunaíochta an iompróra, a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí laistigh de sé seachtaine óna gcinneadh críochnaitheach:
(a)
cur síos ar an sárú agus ar an dáta agus ar an am a rinneadh é;
(b)
catagóir, cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe; agus
(c)
na pionóis a forchuireadh agus na pionóis a fhorghníomhú. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a iarraidh go bhforchuirfeadh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tarlóir bunaithe pionóis riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 22. 2. Gan dochar d'ionchúiseamh coiriúil, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh pionóis a fhorchur ar iompróirí neamhchónaitheacha a rinne sáruithe ar an Rialachán seo nó ar reachtaíocht náisiúnta nó reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar ina gcríoch i ndáil le hoibríocht iompair chabatáiste. Is ar bhonn neamh-idirdhealaitheach a fhorchuirfear na pionóis agus féadfaidh, inter alia, gur rabhadh a bheidh iontu, nó, i gcás ina ndéanfar sárú tromchúiseach, cosc sealadach ar oibríochtaí cabatáiste laistigh de chríoch an Bhallstáit óstaigh ina ndearnadh an sárú. 3. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go mbeidh de cheart ag iompróirí achomharc a dhéanamh in aghaidh aon phionóis riaracháin a fhorchuirfear orthu de bhun an Airteagail seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|