|
+Airteagal 28 Tuairisciú ---+Article 28 1. ---+Article 28 2. ---+Article 28 3. ---+Article 28 4. |
Airteagal 28 TuairisciúAirteagal 28 Tuairisciú 1. Gach dhá bliain cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na n-údaruithe le haghaidh seirbhísí tráthrialta a eisíodh an bhliain roimhe sin agus líon iomlán na n-údaruithe a bhí bailí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe sin. Tabharfar an fhaisnéis sin ar leithligh do gach tír is ceann scríbe don tseirbhís tráthrialta. Ina theannta sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na sonraí a bhaineann le hoibríochtaí cabatáiste, i bhfoirm seirbhísí tráthrialta speisialta agus seirbhísí ócáideacha, a chuir iompróirí cónaitheacha i gcrích i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe. 2. Gach dhá bhliain déanfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát óstach staidreamh a sheoladh chuig an gCoimisiún faoi líon na n-údaruithe a eisíodh le haghaidh oibríochtaí cabatáiste i bhfoirm na seirbhísí tráthrialta dá dtagraítear in Airteagal 15(c). 3. Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar an tábla a úsáidfear chun an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2). 4. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain líon na n-iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail ina seilbh acu an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin agus líon na gcóipeanna dílse deimhnithe a chomhfhreagraíonn do líon na bhfeithiclí atá i saorchúrsaíocht an dáta sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|