|
+Airteagal 14 1. |
Airteagal 14 1.Déanfaidh Comhlacht Inniúil athnuachan ar chlárú na heagraíochta má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
beidh ráiteas bailíochtaithe ar an gcomhshaol dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 6(1), ráiteas bailíochtaithe nuashonraithe ar an gcomhshaol dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 6(2) nó ráiteas nuashonraithe neamhbhailíochtaithe ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 7(3) faighte ag an gComhlacht Inniúil;
(b)
beidh foirm chomhlánaithe, ina n-áirítear, ar a laghad, an méid íosta faisnéise atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI agus dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6(1) agus i bpointe (d) d’Airteagal 6(2), faighte ag an gComhlacht Inniúil;
(c)
ní bheidh aon fhianaise ag an gComhlacht Inniúil nach ndearnadh an fíorú agus an bailíochtú a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 25, le hAirteagal 26 agus le hAirteagal 27;
(d)
ní bheidh aon fhianaise ag an gComhlacht Inniúil á rá nár chomhlíon an eagraíocht na ceanglais dhlíthiúla atá infheidhme maidir leis an gcomhshaol;
(e)
ní bheidh aon ghearáin ábhartha ann ó pháirtithe leasmhara nó beidh gearáin réitithe go dearfach;
(f)
beidh an Comhlacht Inniúil sásta, ar bhonn na fianaise a fuarthas, go gcomhlíonann an eagraíocht ceanglais uile an Rialacháin seo; agus
(g)
beidh táille i leith an clárú a athnuachan faighte ag an gComhlacht Inniúil, más infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|