+Airteagal 46 Doiciméid tagartha agus treoirleabhair a fhorbairt
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.
---+Airteagal 46 6.
|
Airteagal 46 Doiciméid tagartha agus treoirleabhair a fhorbairt
Doiciméid tagartha agus treoirleabhair a fhorbairt
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le Ballstáit agus le geallsealbhóirí eile, doiciméid tagartha earnála a fhorbairt agus áireofar an méid seo a leanas iontu:
(a)
an cleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr;
(b)
táscairí feidhmíochta comhshaoil d’earnálacha sonracha;
(c)
i gcás inarb iomchuí, tagarmharcanna maidir le feabhas agus córais rátála lena sainaithnítear leibhéil feidhmíochta chomhshaoil.
Féadfaidh an Coimisiún doiciméid tagartha a fhorbairt freisin le haghaidh úsáide trasearnála.
|
|
Airteagal 46 2.
|
Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na doiciméid tagartha reatha agus na táscairí feidhmíochta comhshaoil arna bhforbairt i gcomhréir le beartais agus ionstraimí eile comhshaoil i gcaighdeáin an Chomhphobail nó i gcaighdeáin idirnáisiúnta.
|
|
Airteagal 46 3.
|
Faoi dheireadh 2010, bunóidh an Coimisiún plean oibre ina leagfar amach liosta táscach de na hearnálacha a measfar ina leith gur tosaíochtaí iad maidir le doiciméid tagartha earnála agus trasearnála a ghlacadh.
Cuirfear an plean oibre ar fáil go poiblí agus nuashonrófar go rialta é.
|
|
Airteagal 46 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Fóram na gComhlachtaí Inniúla, treoirleabhar a fhorbairt maidir le clárú eagraíochtaí lasmuigh den Chomhphobal.
|
|
Airteagal 46 5.
|
Foilseoidh an Coimisiún treoirleabhar d’úsáideoirí ina leagfar amach na bearta is gá chun bheith rannpháirteach in EMAS.
Beidh an treoirleabhar sin ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh agus beidh sé ar fáil ar líne.
|
|
Airteagal 46 6.
|
Déanfar doiciméid arna bhforbairt i gcomhréir le mír 1 agus le mír 4 a thíolacadh lena nglacadh. Maidir leis na bearta sin atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 49(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R1221
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|