|
+Airteagal 10 Faireachas margaidh agus rialú a dhéanamh ar úsáid Éicilipéad an AE ---+Article 10 1. ---+Article 10 2. ---+Article 10 3. ---+Article 10 4. ---+Article 10 5. ---+Article 10 6. |
Airteagal 10 Faireachas margaidh agus rialú a dhéanamh ar úsáid Éicilipéad an AEAirteagal 10 Faireachas margaidh agus rialú a dhéanamh ar úsáid Éicilipéad an AE 1. Toirmiscfear aon fhógraíocht bhréagach nó aon fhógraíocht mhíthreorach, nó úsáid aon lipéid nó aon lógó a d'fhéadfadh a chur ina luí ar dhaoine gurb é Éicilipéad an AE atá i gceist. 2. Maidir le táirgí ar dhámh an comhlacht inniúil Éicilipéad an AE orthu, fíoróidh an comhlacht inniúil, ar bhonn rialta, go gcomhlíonann an táirge critéir Éicilipéad an AE agus na ceanglais um measúnú arna bhfoilsiú faoi Airteagal 8. De réir mar is iomchuí, déanfaidh an comhlacht inniúil fíoruithe den sórt sin freisin tar éis gearán a fháil. D'fhéadfadh sé gur i bhfoirm spotseiceálacha randamacha a bheadh na fíoruithe sin. Déanfaidh an comhlacht inniúil a dhámh Éicilipéad an AE ar an táirge aon ghearáin a rinneadh maidir leis an táirge ar a bhfuil Éicilipéad an AE a chur in iúl d'úsáideoir Éicilipéad an AE, agus féadfaidh sé a iarraidh ar an úsáideoir freagra a thabhairt ar na gearáin sin. Féadfaidh an comhlacht inniúil ainm an ghearánaí a choinneáil siar ón úsáideoir. 3. Ceadóidh úsáideoir Éicilipéad an AE don chomhlacht inniúil a dhámh Éicilipéad an AE ar an táirge na himscrúduithe riachtanacha go léir a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh i dtaobh an bhfuil critéir an ghrúpa táirgí agus Airteagal 9 á gcomhlíonadh i gcónaí aige. 4. Déanfaidh úsáideoir Éicilipéad an AE, arna iarraidh sin don chomhlacht inniúil a dhámh Éicilipéad an AE ar an táirge, rochtain a thabhairt ar an áitreabh ina dtáirgtear an táirge lena mbaineann. Féadfar an t-iarratas a dhéanamh aon tráth réasúnach agus gan fógra. 5. I gcás ina mbeifear tar éis deis a thabhairt d'úsáideoir Éicilipéad an AE barúlacha a thíolacadh, déanfaidh aon chomhlacht inniúil a chinnfidh nach bhfuil critéir an ghrúpa táirgí ábhartha á gcomhlíonadh ag táirge a bhfuil Éicilipéad an AE air, nó nach bhfuil Éicilipéad an AE á úsáid i gcomhréir le hAirteagal 9, úsáid Éicilipéad an AE ar an táirge sin a thoirmeasc nó, i gcás gur comhlacht inniúil eile a dhámh Éicilipéad an AE, an comhlacht inniúil sin a chur ar an eolas. Ní bheidh úsáideoir Éicilipéad an AE i dteideal aisíocaíocht a fháil, go hiomlán nó go páirteach, i leith na dtáillí dá dtagraítear in Airteagal 9(4). Cuirfidh an comhlacht inniúil an toirmeasc sin in iúl gan mhoill do gach comhlacht inniúil eile agus don Choimisiún. 6. Ní nochtfaidh an comhlacht inniúil a dhámh Éicilipéad an AE ar an táirge faisnéis atá faighte aige agus measúnú á dhéanamh aige ar úsáideoir an Éicilipéid i ndáil le comhlíonadh na rialacha maidir le húsáid Éicilipéad an AE atá leagtha amach in Airteagal 9, ná ní úsáidfidh sé an fhaisnéis sin chun aon chríche nach mbaineann leis an dámhachtain i leith úsáid Éicilipéid an AE. Glacfaidh sé gach beart réasúnta chun na doiciméid a sholáthraítear dó a chosaint ar fhalsú agus ar mhíleithreasú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|