+Airteagal 12 Imscrúduithe a chomhordú
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.

Airteagal 12 Imscrúduithe a chomhordú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
I gcás ina ndéantar imscrúdú breithiúnach a thionscnamh freisin i ndáil le tionóisc nó teagmhas tromchúiseach, déanfar an t-imscrúdaitheoir i gceannas a chur ar an eolas faoi. Sa chás sin, áiritheoidh an t-imscrúdaitheoir i gceannas inrianaitheacht agus déanfaidh sé na taifeadáin eitilte agus aon fhianaise fhisiciúil a choinneáil faoina choimeád féin. Féadfaidh an t-údarás breithiúnach duine dá oifigigh a cheapadh chun dul in éineacht leis na taifeadáin eitilte nó leis an bhfianaise fhisiciúil chuig an áit a léifear iad nó a ndéileálfar leo. I gcás ina bhféadfadh scrúdú nó anailís fianaise fhisiciúil den sórt sin a mhodhnú, a athrú nó a scriosadh, beidh comhaontú roimh ré ag teastáil ó na húdaráis bhreithiúnacha, ach sin gan dochar don dlí náisiúnta. I gcás nach bhfaighfear an comhaontú sin i gcomhréir leis na réamhshocruithe dá dtagraítear i mír 3 taobh istigh de thréimhse réasúnach ama agus tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis na hiarrata, ní choiscfidh an méid sin ar an imscrúdaitheoir i gceannas an scrúdú nó an anailís a dhéanamh. I gcás ina mbeidh an t-údarás breithiúnach i dteideal aon fhianaise a urghabháil, beidh rochtain neamhtheoranta ag an imscrúdaitheoir i gceannas ar an bhfianaise sin láithreach agus féadfaidh sé í a úsáid.
Airteagal 12 2.
Más rud é, le linn an imscrúdaithe sábháilteachta, go dtagann sé chun solais, nó go bhfuil drochamhras ann, gur ghabh cur isteach neamhdhleathach leis an tionóisc nó leis an teagmhas tromchúiseach, mar a fhoráiltear faoin dlí náisiúnta, amhail an dlí ar imscrúduithe tionóiscí, cuirfidh an t-imscrúdaitheoir i gceannas na húdaráis inniúla ar an eolas faoin méid sin láithreach. Faoi réir Airteagal 14, déanfar an fhaisnéis ábhartha a bhaileofar le linn an imscrúdaithe sábháilteachta a pháirtiú láithreach leis na húdaráis sin agus, arna iarraidh sin, féadfar ábhar ábhartha a aistriú chuig na húdaráis sin freisin. Beidh páirtiú na faisnéise sin nó an ábhair sin gan dochar do cheart an údaráis um imscrúdú sábháilteachta leanúint den imscrúdú sábháilteachta, i gcomhar leis na húdaráis a bhféadfadh cúram rialaithe na láithreach a bheith aistrithe chucu.
Airteagal 12 3.
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, maidir leis na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta agus na húdaráis eile ar dóigh dóibh baint a bheith acu leis na gníomhartha a bhainfidh leis an imscrúdú sábháilteachta, amhail na húdaráis bhreithiúnacha, na húdaráis um eitlíocht shibhialta agus na húdaráis chuardaigh agus tarrthála, go gcomhoibreoidh siad lena chéile trí réamhshocruithe a dhéanamh.

Leis na réamhshocruithe sin, urramófar neamhspleáchas an údaráis um imscrúdú sábháilteachta agus féadfar an t-imscrúdú teicniúil a dhéanamh go dícheallach agus go héifeachtúil; cuimseoidh na réamhshocruithe na hábhair seo a leanas, i measc nithe eile:

(a) 

rochtain ar láthair na tionóisce;

(b) 

fianaise a chaomhnú agus rochtain ar fhianaise;

(c) 

tuairisciú tosaigh agus tuairisciú leanúnach ar stádas gach próisis;

(d) 

malartú faisnéise;

(e) 

faisnéis sábháilteachta a úsáid go hiomchuí;

(f) 

coimhlintí a réiteach.

Cuirfidh na Ballstáit na réamhshocruithe sin in iúl don Choimisiún agus tarchuirfidh an Coimisiún chuig cathaoirleach an Ghréasáin, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.