|
+Airteagal 12 3. |
Airteagal 12 3.Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, maidir leis na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta agus na húdaráis eile ar dóigh dóibh baint a bheith acu leis na gníomhartha a bhainfidh leis an imscrúdú sábháilteachta, amhail na húdaráis bhreithiúnacha, na húdaráis um eitlíocht shibhialta agus na húdaráis chuardaigh agus tarrthála, go gcomhoibreoidh siad lena chéile trí réamhshocruithe a dhéanamh. Leis na réamhshocruithe sin, urramófar neamhspleáchas an údaráis um imscrúdú sábháilteachta agus féadfar an t-imscrúdú teicniúil a dhéanamh go dícheallach agus go héifeachtúil; cuimseoidh na réamhshocruithe na hábhair seo a leanas, i measc nithe eile:
(a)
rochtain ar láthair na tionóisce;
(b)
fianaise a chaomhnú agus rochtain ar fhianaise;
(c)
tuairisciú tosaigh agus tuairisciú leanúnach ar stádas gach próisis;
(d)
malartú faisnéise;
(e)
faisnéis sábháilteachta a úsáid go hiomchuí;
(f)
coimhlintí a réiteach. Cuirfidh na Ballstáit na réamhshocruithe sin in iúl don Choimisiún agus tarchuirfidh an Coimisiún chuig cathaoirleach an Ghréasáin, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|