+Airteagal 14 Faisnéis íogair sábháilteachta a chosaint
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
|
Airteagal 14 Faisnéis íogair sábháilteachta a chosaint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Ní chuirfear na taifid seo a leanas ar fáil ná a úsáid seachas chun críocha an imscrúdaithe sábháilteachta:
(a)
gach ráiteas a ghlac an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta ó dhaoine le linn an imscrúdaithe sábháilteachta;
(b)
taifid a nochtann céannacht na ndaoine a thug fianaise i gcomhthéacs an imscrúdaithe sábháilteachta;
(c)
faisnéis a bhailíonn an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, ar faisnéis í de chineál íogair agus phearsanta, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le sláinte daoine aonair;
(d)
ábhar a sholáthraítear ina dhiaidh sin le linn an imscrúdaithe amhail nótaí, dréachtaí, tuairimí a scríobh na himscrúdaitheoirí, tuairimí a cuireadh in iúl le linn an fhaisnéis a anailísiú, lena n-áirítear faisnéis ó na taifeadáin eitilte;
(e)
faisnéis agus fianaise a sholáthraíonn imscrúdaitheoirí ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le cleachtais mholta, i gcás ina n-iarrann an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta sin amhlaidh;
(f)
dréachtaí de réamhthuarascálacha nó de thuarascálacha críochnaitheacha nó de ráitis eatramhacha;
(g)
taifeadtaí gutha agus íomhá ó chró an phíolóta agus trascríbhinní na dtaifeadtaí sin, chomh maith le taifeadtaí gutha laistigh de na haonaid rialaithe aerthráchta, á áirithiú freisin go ndéanfar faisnéis nach bhfuil ábhartha don imscrúdú sábháilteachta, go háirithe faisnéis a bhfuil tionchar aici ar phríobháideachas pearsanta, a chosaint go hiomchuí, ach sin gan dochar do mhír 3.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Ní chuirfear na taifid seo a leanas ar fáil ná a úsáid seachas chun críocha an imscrúdaithe sábháilteachta nó chun críocha eile arb é is aidhm dóibh ná sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú:
(a)
gach cumarsáid idir daoine a raibh baint acu le hoibriú an aerárthaigh;
(b)
taifeadtaí i scríbhinn nó taifeadtaí leictreonacha agus trascríbhinní ó thaifeadtaí ó aonaid rialaithe aerthráchta, lena n-áirítear tuarascálacha agus torthaí arna n-ullmhú chun críoch inmheánach;
(c)
litreacha cumhdaigh chun moltaí sábháilteachta a tharchur ón údarás um imscrúdú sábháilteachta chuig an seolaí, arna iarraidh sin don údarás um imscrúdú sábháilteachta a eisíonn na moltaí;
(d)
tuairisciú tarluithe a chomhdaítear faoi Threoir Uimh. 2003/42/CE.
Ní chuirfear taifeadtaí ó thaifeadán eitilte ar fáil ná ní bhainfear úsáid astu seachas chun críocha imscrúdaithe sábháilteachta, aeracmhainneachta nó cothabhála, ach amháin i gcás ina ndí-shainaithnítear nó ina nochtar na taifeadtaí sin de réir nósanna imeachta daingne.
|
|
Airteagal 14 3.
|
D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh lucht riartha an cheartais nó an t-údarás atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh maidir leis na taifid a nochtadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a chinneadh gur mó iad na sochair a bhainfeadh leis na taifid dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a nochtadh chun aon chríoch eile a cheadaítear le dlí ná an drochthionchar a bheadh ag gníomh den sórt sin sa bhaile agus go hidirnáisiúnta ar an imscrúdú sábháilteachta sin nó ar aon imscrúdú sábháilteachta amach anseo. Agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á n-urramú acu ag an am céanna, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh teorainn a chur leis na cásanna ina bhféadfar cinneadh um scaoileadh a dhéanamh. Féadfar cumarsáid taifead dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chuig Ballstát eile a dheonú chun críocha seachas críocha imscrúdaithe sabháilteachta agus, chomh maith leis sin, maidir le mír 2 chun críocha seachas críocha a bhfuil se de chuspóir acu feabhas a chur ar an eitlíocht shibhialta a mhéid a cheadaíonn dlí an Bhallstáit a dhéanfaidh an chumarsáid é. Ní dhéanfaidh údaráis an Bhallstáit a ghlacfaidh leis an gcumarsáid próiseáil ná scaoileadh taifead a bhfaightear tríd an gcumarsáid sin ach amháin i ndiaidh réamhchomhairliúcháin leis an mBallstát a dhéanfaidh an chumarsáid agus faoi réir dhlí náisiúnta an Stáit a ghlacfaidh leis an gcumarsáid.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Ní fhéadfar aon sonraí a nochtadh seachas na sonraí atá fíor-riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 3.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|