|
+Airteagal 14 1. |
Airteagal 14 1.Ní chuirfear na taifid seo a leanas ar fáil ná a úsáid seachas chun críocha an imscrúdaithe sábháilteachta:
(a)
gach ráiteas a ghlac an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta ó dhaoine le linn an imscrúdaithe sábháilteachta;
(b)
taifid a nochtann céannacht na ndaoine a thug fianaise i gcomhthéacs an imscrúdaithe sábháilteachta;
(c)
faisnéis a bhailíonn an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, ar faisnéis í de chineál íogair agus phearsanta, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le sláinte daoine aonair;
(d)
ábhar a sholáthraítear ina dhiaidh sin le linn an imscrúdaithe amhail nótaí, dréachtaí, tuairimí a scríobh na himscrúdaitheoirí, tuairimí a cuireadh in iúl le linn an fhaisnéis a anailísiú, lena n-áirítear faisnéis ó na taifeadáin eitilte;
(e)
faisnéis agus fianaise a sholáthraíonn imscrúdaitheoirí ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le cleachtais mholta, i gcás ina n-iarrann an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta sin amhlaidh;
(f)
dréachtaí de réamhthuarascálacha nó de thuarascálacha críochnaitheacha nó de ráitis eatramhacha;
(g)
taifeadtaí gutha agus íomhá ó chró an phíolóta agus trascríbhinní na dtaifeadtaí sin, chomh maith le taifeadtaí gutha laistigh de na haonaid rialaithe aerthráchta, á áirithiú freisin go ndéanfar faisnéis nach bhfuil ábhartha don imscrúdú sábháilteachta, go háirithe faisnéis a bhfuil tionchar aici ar phríobháideachas pearsanta, a chosaint go hiomchuí, ach sin gan dochar do mhír 3. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|