+Airteagal 18 Gníomhartha ag leanúint as moltaí sábháilteachta agus bunachar sonraí na moltaí sábháilteachta
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.

Airteagal 18 Gníomhartha ag leanúint as moltaí sábháilteachta agus bunachar sonraí na moltaí sábháilteachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Tabharfaidh seolaí an mholta sábháilteachta admháil á rá go bhfuarthas an litir tharchuir agus déanfaidh sé an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta a d’eisigh an moladh a chur ar an eolas laistigh de 90 lá ón dáta a bhfaighidh sé an litir sin faoi na gníomhartha atá déanta nó atá á mbreithniú, agus más iomchuí, faoin am is gá chun iad a chur i gcrích agus i gcás nach ndéantar aon ghníomh, faoi na cúiseanna leis sin.
Airteagal 18 2.
Laistigh de 60 lá ón dáta a bhfaighfear an freagra, cuirfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta an seolaí ar an eolas i dtaobh an measann sé go bhfuil, nó nach bhfuil, an freagra leordhóthanach agus tabharfaidh sé cosaint mhaith nuair a easaontaíonn sé leis an gcinneadh gan aon ghníomh a dhéanamh.
Airteagal 18 3.
Cuirfidh gach údarás um imscrúdú sábháilteachta nósanna imeachta chun feidhme chun na freagairtí ar na moltaí sábháilteachta a d’eisigh sé a thaifeadadh.
Airteagal 18 4.
Déanfaidh gach seolaí a gheobhaidh moladh sábháilteachta, lena n-áirítear na húdaráis atá freagrach as sábháilteacht eitlíochta sibhialta ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, nósanna imeachta a chur chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an ghnímh a dhéantar mar fhreagairt ar na moltaí sábháilteachta a fuarthas.
Airteagal 18 5.
Déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta na moltaí sábháilteachta go léir arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus (2), mar aon leis na freagairtí orthu, a thaisceadh sa taisclann lárnach a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2007 lena leagtar síos na rialacha chur chun feidhme chun faisnéis a bhaineann le tarluithe eitlíochta sibhialta agus a mhalartaítear i gcomhréir le Treoir 2003/42/CE a chomhtháthú i dtaisclann lárnach ( 2 ). Ar an mbealach céanna, déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta na moltaí sábháilteachta go léir a fhaightear ó thríú tíortha a thaifeadadh sa taisclann lárnach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.