Déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta na moltaí sábháilteachta go léir arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus (2), mar aon leis na freagairtí orthu, a thaisceadh sa taisclann lárnach a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2007 lena leagtar síos na rialacha chur chun feidhme chun faisnéis a bhaineann le tarluithe eitlíochta sibhialta agus a mhalartaítear i gcomhréir le Treoir 2003/42/CE a chomhtháthú i dtaisclann lárnach (
2
). Ar an mbealach céanna, déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta na moltaí sábháilteachta go léir a fhaightear ó thríú tíortha a thaifeadadh sa taisclann lárnach.