|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “astaíocht aeir” sreabh fisiciúil ábhar gásach nó cáithníneach ón ngeilleagar náisiúnta (próisis táirgthe nó tomhaltais) go dtí an t-atmaisféar, (mar chuid den chóras comhshaoil);
(2)
ciallaíonn “cáin a bhaineann leis an gcomhshaol” cáin ar aonad fisiciúil é a bhonn cánach (nó seachaonad d’aonad fisiciúil) agus is aonad é sin de ní éigin a bhfuil tionchar cruthaithe, sonrach, diúltach aige ar an gcomhshaol agus ar ní é a shainaithnítear in ►M3 CEC 2010 ◄ mar cháin;
(3)
ciallaíonn “cuntais ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair (EW-MFA)” ionchuir ábhar i ngeilleagair náisiúnta, athruithe ar an stoc ábhar laistigh den gheilleagar agus aschuir ábhar go dtí geilleagair eile nó go dtí an comhshaol a thiomsú go comhsheasmhach;
(4)
ciallaíonn “caiteachas ar chosaint an chomhshaoil” na hacmhainní eacnamaíocha arna gcaitheamh ag aonaid chónaitheacha ar chosaint an chomhshaoil. Áirítear le cosaint an chomhshaoil gach gníomhaíocht agus beart a bhfuil sé mar phríomhchuspóir leo truailliú agus aon díghrádú eile ar an gcomhshaol a chosc, a laghdú agus a dhíothú. Áirítear leis na gníomhaíochtaí agus na bearta sin na bearta uile a dhéantar chun an comhshaol a athshlánú tar éis a dhíghrádaithe. Eisítear ón sainmhíniú seo gníomhaíochtaí arb é a chomhlíonann siad go príomha riachtanais theicniúla nó ceanglais inmheánacha le haghaidh sláintíochta nó sábháilteachta agus slándála fiontair nó institiúide eile, cé go bhfuil na gníomhaíochtaí sin tairbhiúil don chomhshaol;
(5)
ciallaíonn “an earnáil um earraí agus um sheirbhísí comhshaoil” na gníomhaíochtaí táirgthe sin de gheilleagar náisiúnta a ghineann táirgí comhshaoil (earraí agus seirbhísí comhshaoil). Is é is táirgí comhshaoil ann táirgí a táirgeadh ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil, de réir mar a thagraítear dóibh i bpointe (4), agus ar mhaithe le bainistiú acmhainní. Áirítear le bainistiú acmhainní an stoc d'acmhainní nádúrtha a chaomhnú, a chothabháil agus a fheabhsú agus, dá bhrí sin, na hacmhainní sin a chosaint i gcoinne a n-ídithe;
(6)
ciallaíonn “cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh” tiomsúcháin chomhsheasmhacha de na sreafaí fisiciúla fuinnimh isteach i ngeilleagair náisiúnta, na sreafaí a tharlaíonn laistigh den gheilleagar agus na haschuir chuig geilleagair eile nó chuig an gcomhshaol;
(7)
ciallaíonn “cuntais fhoraoiseacha” cuntais sócmhainní le haghaidh acmhainní foraoiseacha, lena gcuimsítear coillearnacha agus adhmad ar choillearnach, agus cuntais gníomhaíochta eacnamaíche le haghaidh foraoiseachta agus lománaíochta;
(8)
ciallaíonn “fóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail” aistrithe reatha agus aistrithe caipitil, de réir bhrí CEC 2010, a bhfuil sé beartaithe leo tacú le gníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní nádúrtha agus táirgí gaolmhara;
(9)
ciallaíonn “cuntais éiceachórais” tacar cuntas a cheaptar chun faisnéis chomhsheasmhach a sholáthar maidir le fairsinge agus riocht na n-éiceachóras agus le sreafaí na seirbhísí ó na héiceachórais sin go dtí an córas socheacnamaíoch. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|