+IARSCRÍBHINN I

IARSCRÍBHINN I




IARSCRÍBHINN I

MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR ASTAÍOCHTAÍ AEIR

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar sonraí ar astaíochtaí aeir a thaifeadadh agus a thíolacadh ar shlí atá comhoiriúnach do chóras na gcuntas náisiúnta. Déantar astaíochtaí aeir na ngeilleagar náisiúnta a thaifeadadh leo, agus déantar na hastaíochtaí sin a mhiondealú leo de réir gníomhaíochtaí astaithe eacnamaíocha mar atá sonraithe in ►M3  CEC 2010 ◄ . Cumhdaítear táirgeadh agus tomhaltas i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit le haghaidh na gcuntas ar astaíochtaí aeir, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit chuige sin. Forbrófar na sonraí sin ar shlí lena nascfar astaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha táirgthe agus tomhaltais de chuid na dtionscal agus na dteaghlach. Comhcheanglófar na sonraí maidir le hastaíochtaí díreacha, ar sonraí iad a thuairiscítear faoin Rialachán seo, leis na táblaí ionchuir-aschuir eacnamaíoch, leis na táblaí soláthair agus úsáide agus leis na sonraí faoi thomhaltas teaghlaigh, ar sonraí iad sin a thuairiscítear cheana don Choimisiún (Eurostat) mar chuid de thuairisciú ►M3  CEC 2010 ◄ .

Roinn 2

CUMHDACH

Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar astaíochtaí aeir agus atá ag ►M3  CEC 2010 ◄ , agus tá siad bunaithe ar phrionsabal an chónaithe freisin.

I gcomhréir le ►M3  CEC 2010 ◄ , tá coincheap an chónaithe bunaithe ar an bprionsabal seo a leanas: deirtear gurb ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad leasa eacnamaíoch an aonaid i gcríoch eacnamaíoch na tíre sin, is é a rá, nuair a bhíonn sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin.

Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar astaíochtaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh a thaifeadadh, gan spleáchas don áit as a dtagann na hastaíochtaí sin go geografach.

Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar sreafaí ábhar gásach iarmharach agus ábhar cáithníneach iarmharach de thionscnamh an gheilleagair náisiúnta agus a shreabhann isteach san atmaisféar a thaifeadadh. Chun críche an Rialacháin seo, tagraítear leis an téarma “atmaisféar” do chomhpháirt an chórais comhshaoil. Baineann teorainn an chórais leis an líne teorann idir an geilleagar náisiúnta (mar chuid den chóras eacnamaíoch) agus an t-atmaisféar (mar chuid den chóras comhshaoil). Tar éis teorainn an chórais a thrasnú, níl na substaintí astaithe faoi smacht daonna a thuilleadh agus tagann siad chun bheith ina gcuid de thimthriallacha na n-ábhar nádúrtha agus féadfaidh siad a bheith ina gcúis le roinnt cineál iarmhairtí comhshaoil.

▼M2

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir le hastaíochtaí na dtruailleán aeir seo a leanas:



Ainm

Siombail

Aonad tuairiscithe

Dé-ocsaíd charbóin gan astaíochtaí ó bhithmhais

CO2

1 000 tona (Gg)

Dé-ocsaíd charbóin ó bhithmhais

Bithmhais CO2

1 000 tona (Gg)

Ocsaíd nítriúil

N2O

tonaí (Mg)

Meatán

CH4

tonaí (Mg)

Sárfhluaracarbóin

PFCanna

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Hidreafluaracarbóin

HFCanna

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Heicseafluairíd sulfair agus trífhluairíd nítrigine

SF6 NF3

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Ocsaídí nítrigine

NOX

tonaí (Mg) coibhéisí NO2

Comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin

NMVOCanna

tonaí (Mg)

Aonocsaíd charbóin

CO

tonaí (Mg)

Ábhar cáithníneach < 10 μm

PM10

tonaí (Mg)

Ábhar cáithníneach < 2,5 μm

PM2,5

tonaí (Mg)

Ocsaídí sulfair

SOX

tonaí (Mg) coibhéisí SO2

Amóinia

NH3

tonaí (Mg)

Tuairisceofar na sonraí uile go dtí an chéad ionad deachúlach.

▼B

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha.

3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin an AE-27 ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.

4. Is é an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

5. Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh na Ballstáit freisin sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha.

6. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha.

▼M2

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1. I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, soláthrófar sonraí trí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a aicmiú de réir ordlathais, is é sin le rá NACE Rev. 2 (leibhéal comhiomlán A*64), a bheidh comhoiriúnach go hiomlán le ►M3  CEC 2010 ◄ . Chomh maith leis sin, soláthrófar sonraí le haghaidh an mhéid seo a leanas:

— 
Astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh,
— 
Ítimí nasctha. is é sin le rá ítimí tuairiscithe lena réitítear go soiléir na difríochtaí idir na cuntais ar astaíochtaí aeir arna dtuairisciú faoin Rialachán seo agus na sonraí sin arna dtuairisciú sna fardail oifigiúla náisiúnta maidir le hastaíochtaí aeir.

2. Is mar seo a leanas atá an t-aicmiú de réir ordlathais dá dtagraítear i mír 1:

Astaíochtaí aeir de réir tionscail — NACE Rev. 2 (A*64)

Astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh

— 
Iompar
— 
Téamh/Fuarú
— 
Eile

Ítimí nasctha

Iomlán na gcuntas ar astaíochtaí aeir (gníomhaíochtaí táirgeachta + teaghlaigh) i gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3

Lúide na cónaitheoirí náisiúnta atá thar lear

— 
Soithigh iascaireachta náisiúnta a oibríonn thar lear
— 
Iompar de thalamh
— 
Iompar ar uisce
— 
Aeriompar

Móide neamhchónaitheoirí ar an gcríoch

+ 

Iompar de thalamh

+ 

Iompar d’uisce

+ 

Iompar d’aer

(+ nó –) 

Coigeartuithe eile agus neamhréireachtaí staidrimh

= 

Iomlán na n-astaíochtaí de thruailleán X mar a thuairiscítear do UNFCCC ( 4 )/CLRTAP ( 5 )

▼B

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.