|
+IARSCRÍBHINN II |
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN II MODÚL LE hAGHAIDH CÁNACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL, DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE Roinn 1 CUSPÓIRÍ Leis an staidreamh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, déantar sonraí a thaifeadadh agus a thíolacadh, agus an méid sin á dhéanamh ó thaobh pheirspictíocht na n-eintiteas a íocann na cánacha, agus déantar an méid sin ar shlí a luíonn go hiomlán leis na sonraí a thuairiscítear faoi ►M3 CEC 2010 ◄ . Déantar ioncam cánach na ngeilleagar náisiúnta, ar ioncaim é a bhaineann leis an gcomhshaol, a thaifeadadh leo de réir gníomhaíochta eacnamaíche. Cumhdaítear táirgeadh agus tomhaltas le gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh ag na Ballstáit orthu, maidir le hioncaim chánach a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochta eacnamaíche. Féadtar, leis an staidreamh cánach a bhaineann leis an gcomhshaol, úsáid a bhaint go díreach as an staidreamh cánach agus as staidreamh maidir le hairgeadas rialtais, ach tá roinnt buntáistí ann ag baint le húsáid na sonraí cánach a thuairiscítear faoi ►M3 CEC 2010 ◄ más féidir é sin. Bunaítear an staidreamh cánach a bhaineann leis an gcomhshaol ar na suimeanna arna bhfianú le measúnuithe agus dearbhuithe nó le fáltais airgid arna gcoigeartú de réir ama, chun comhsheasmhacht le ►M3 CEC 2010 ◄ a áirithiú agus chun inchomparáideacht idirnáisiúnta a fheabhsú. Áirítear chomh maith in ►M3 CEC 2010 ◄ faisnéis i dtaobh cén tionscadail agus cén earnálacha a íocann na cánacha. Féadtar teacht ar fhaisnéis maidir le cánacha a thuairiscítear faoi ►M3 CEC 2010 ◄ sna cuntais earnála institiúideacha agus sna táblaí soláthair agus úsáide. Roinn 2 CUMHDACH Tá na teorainneacha córais céanna ag cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol agus atá ag ►M3 CEC 2010 ◄ , agus is ionann na cánacha sin agus íocaíochtaí éigeantacha, gan chomaoin, in airgead tirim nó i gcomhchineál, arna dtobhach ag rialtas ginearálta nó ag institiúidí an Aontais. Tagann na cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol faoi réim na gcatagóirí ►M3 CEC 2010 ◄ seo a leanas:
—
cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí (D.2),
—
cánacha reatha ar ioncam, ar rachmas, etc. (D.5),
—
cánacha caipitiúla (D.91).
Roinn 3 LIOSTA NA SAINTRÉITHE Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol de réir na saintréithe seo a leanas:
—
cánacha fuinnimh,
—
cánacha iompair,
—
cánacha truaillithe,
—
cánacha acmhainne,
Tuairisceoidh na Ballstáit freisin, mar shaintréith ar leith, maidir le hioncam cánach an rialtais arna thaifeadadh sa Chóras Cuntas Eorpach a mhéid a bhaineann lena rannpháirtíocht i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais. Tuairisceoidh na Ballstáit freisin, mar shaintréith ar leith, maidir le cánacha eile a bhaineann leis an gcomhshaol ar áiríodh iad sna cánacha iomlána ar fhuinneamh, ar iompar, ar thruailliú nó ar acmhainní agus a ghearrtar ar chion carbóin breoslaí (cánacha eile CO2). Tuairisceofar na sonraí uile san airgeadra náisiúnta de réir milliúin. Roinn 4 AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA 1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. 2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 16 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020. 3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú. 4. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha. 5. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2016 a sholáthar. Roinn 5 TÁBLAÍ TUAIRISCITHE I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí ó thaobh pheirspictíocht na n-eintiteas a íocann na cánacha. I gcás táirgeoirí, tuairisceofar sonraí i bhfoirm miondealaithe de réir aicmithe ordlathais na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, is é sin le rá NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlánaithe A*64 mar a leagtar amach in ►M3 CEC 2010 ◄ ). I gcás tomhaltóirí, tuairisceofar sonraí i leith na nithe seo a leanas:
—
teaghlaigh,
—
neamhchónaitheoirí.
I gcás nach féidir an cháin a chur i leith ceann amháin de na grúpaí gníomhaíochtaí thuasluaite, tuairisceofar na sonraí mar shonraí nach ndearnadh cionroinnt ina leith. Roinn 6 UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|