|
+IARSCRÍBHINN V MODÚL LE hAGHAIDH CHUNTAIS NA hEARNÁLA UM EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL |
IARSCRÍBHINN V MODÚL LE hAGHAIDH CHUNTAIS NA hEARNÁLA UM EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL
IARSCRÍBHINN V MODÚL LE hAGHAIDH CHUNTAIS NA hEARNÁLA UM EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL Roinn 1 CUSPÓIRÍ Leis an staidreamh maidir le hearraí agus seirbhísí comhshaoil, déantar sonraí a thaifeadadh agus a thíolacadh maidir le gníomhaíochtaí táirgthe na ngeilleagar náisiúnta a ndéantar táirgí comhshaoil iontu ar shlí a luíonn leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC. Ba cheart go mbainfí úsáid i gcuntais na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil as an bhfaisnéis ó na cuntais náisiúnta atá ann cheana féin, ó staidreamh struchtúrach gnó, ón gclár gnó agus ó fhoinsí eile. Sainítear leis an Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh earraí agus seirbhísí comhshaoil. Roinn 2 CUMHDACH Tá na teorainneacha córais céanna ag an earnáil um earraí agus seirbhísí comhshaoil agus atá ag CEC agus cuimsítear ann gach earra agus seirbhís comhshaoil a chruthaítear laistigh de theorainn an táirgthe. Is é an sainmhíniú a dhéantar ar tháirgeadh in CEC an ghníomhaíocht a dhéantar faoi rialú agus faoi fhreagracht aonaid institiúidigh a bhaineann úsáid as ionchur saothair, caipitil agus earraí agus seirbhísí chun earraí agus seirbhísí a tháirgeadh. Tagann earraí agus seirbhísí comhshaoil faoi réim na gcatagóirí seo a leanas: seirbhísí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol, táirgí de chuspóir comhshaoil amháin (táirgí bainteacha), earraí oiriúnaithe agus teicneolaíochtaí comhshaoil. Roinn 3 AN LIOSTA SAINTRÉITHE Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an earnáil um earraí agus seirbhísí comhshaoil de réir na saintréithe seo a leanas:
—
aschur na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil ina hiomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh,
—
onnmhairí na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil ina hiomláine,
—
breisluach na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil ina hiomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh,
—
fostaíocht san earnáil um earraí agus seirbhísí comhshaoil ina hiomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh,
—
ollfhoirmiú caipitil sheasta le haghaidh gníomhaíochtaí maolaithe ar an athrú aeráide, arna miondealú de réir corparáidí, rialtas agus teaghlach in éineacht le hinstitiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh (INBFT),
—
ollfhoirmiú caipitil sheasta le haghaidh táirgí lena maolaítear an t-athrú aeráide, nach bhfuil san áireamh cheana féin in ollfhoirmiú caipitil sheasta le haghaidh gníomhaíochtaí maolaithe ar an athrú aeráide, arna miondealú de réir corparáidí, rialtas agus teaghlach in éineacht le INBFT,
—
tomhaltas deiridh táirgí lena maolaítear an t-athrú aeráide, arna mhiondealú de réir rialtais agus teaghlach in éineacht le INBFT.
Tuairisceofar na sonraí uile i milliúin san airgeadra náisiúnta, seachas an tsaintréith “fostaíocht”, a mbeidh an t-aonad tuairiscithe “coibhéis lánaimseartha” ann ina leith. Roinn 4 AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA 1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. 2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 22 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020. 3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin ►M3 AE-27 ◄ do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú. 4. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha. 5. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n – 2, n – 1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2018 a sholáthar. Roinn 5 TÁBLAÍ TUAIRISCITHE 1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí agus iad tras-aicmithe de réir an méid seo a leanas:
—
aicmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha, NACE grúpáilte mar a leanas:
—
NACE A
—
NACE B
—
NACE C
—
NACE D
—
NACE E
—
NACE F
—
NACE J + NACE K
—
NACE N
—
NACE P
—
NACE Q
—
Suim NACE G + NACE H + NACE I + NACE L + NACE M + NACE O + NACE R + NACE S + NACE T + NACE U + NACE V
—
grúpaí den aicmiú críoch comhshaoil (CEP) agus iad grúpáilte mar a leanas:
—
CEP 01 — Aer agus aeráid;
—
CEP 0201 — Fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;
—
CEP 0202 — Coigilt agus bainistiú fuinnimh;
—
CEP 0301 — Bainistiú fuíolluisce;
—
CEP 0302 — Coigilteas uisce agus bainistiú acmhainní uisce nádúrtha;
—
CEP 0401 — Bainistiú dramhaíola;
—
CEP 0402 — Aisghabháil agus coigilteas ábhar;
—
CEP 0501 — Cosaint ithreach, uisce dromchla agus screamhuisce;
—
CEP 0502 — Cosaint na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach;
—
CEP 0503 — Bainistiú acmhainní foraoise;
—
CEP 06 — Torann agus radaíocht;
—
Suim CEP 0701, CEP 0703, CEP 0705, CEP 0707, CEP 0709 — T&F maidir le hastaíochtaí aeir a laghdú agus a rialú, bainistiú fuíolluisce, bainistiú dramhaíola, ithir, dromchla, screamhuisce agus bithéagsúlacht agus torann agus radaíocht;
—
Suim CEP 0702, CEP 0704, CEP 0706, CEP 0708 – T&F le haghaidh fuinnimh, bainistiú acmhainní uisce, aisghabháil agus coigilteas ábhar agus bainistiú foraoise;
—
CEP 08 — Críocha trasghearrtha agus comhshaoil eile.
▼M5 ————— Roinn 6 UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|