+Airteagal 1 Ábhar, raon feidhme agus gaolmhaireacht le reachtaíocht eile an Aontais
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.
---+Airteagal 1 5.
|
Airteagal 1 Ábhar, raon feidhme agus gaolmhaireacht le reachtaíocht eile an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha lena dtoirmisctear cleachtais droch-úsáide a dhéanann difear do mhargaí mórdhíola fuinnimh, atá comhsheasmhach leis na rialacha is infheidhme i margaí airgeadais agus le feidhmiú cuí na margaí mórdhíola fuinnimh sin, agus, ag an am céanna, aird á tabhairt ar shaintréithe sonracha na margaí sin. Déantar foráil leis maidir le faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh ag an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (“an Ghníomhaireacht”) i ndlúthchomhpháirt leis na húdaráis rialála náisiúnta agus aird á tabhairt ar na hidirghníomhaíochtaí idir an Scéim Trádála Astaíochtaí agus na margaí mórdhíola fuinnimh.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh. Ní dochar é do chur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 (
1
), (AE) Uimh. 596/2014 (
2
) agus (AE) Uimh. 600/2014 (
3
) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
) a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaineann ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE ná do chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir leis na cleachtais a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Rachaidh an Ghníomhaireacht, údaráis rialála náisiúnta, ÚEUM, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis náisiúnta iomaíochta i gcomhar lena chéile chun a áirithiú go nglacfar cur chuige comhordaithe i leith fhorfheidhmiú na rialacha ábhartha i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag
►M1
Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ◄ maidir léi nó maidir leo agus i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí sin freisin le táirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag Airteagal 3, ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 5 maidir leis nó maidir leo. Malartóidh an Ghníomhaireacht, na húdaráis rialála náisiúnta, ÚEUM agus údaráis airgeadais inniúla na mBallstát faisnéis agus sonraí ábhartha go tráthrialta, agus go ráithiúil más féidir, maidir le sáruithe féideartha ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 1 4.
|
Áiritheoidh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a shanntar di de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
) agus go leithdháilfidh an Ghníomhaireacht na hacmhainní is gá, lena n-áirítear acmhainní daonna, chun na hoibleagáidí nua a shanntar di a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 1 5.
|
Rachaidh Stiúrthóir na Gníomhaireachta i gcomhairle le Bord Rialálaithe na Gníomhaireachta maidir le gach gné de chur chun feidhme an Rialacháin seo agus beidh aird chuí aige ar chomhairle agus ar thuairimí an Bhoird.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R1227
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|