|
+Airteagal 3 1. |
Airteagal 3 1.Toirmiscfear ar dhaoine a bhfuil faisnéis chos istigh, maidir le táirge mórdhíola fuinnimh, acu na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an fhaisnéis sin a úsáid chun táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, nó trí fhéachaint le táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, go díreach nó go hindíreach, ar a gcuntas féin, nó ar chuntas tríú páirtí;
(b)
an fhaisnéis sin a nochtadh d’aon duine eile, mura rud é go ndéantar an nochtadh sin i ngnáthchúrsa fheidhmiú a bhfostaíochta, a ngairme nó a ndualgas;
(c)
ar bhonn faisnéise cos istigh, a mholadh do dhuine eile táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt nó duine eile a aslú chun táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt. Measfar freisin gur trádáil cos istigh í faisnéis cos istigh a úsáid chun ordú, nó aon ghníomhaíocht trádála eile a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis, a chealú nó a leasú i gcás ina ndearnadh an t-ordú sula raibh an fhaisnéis cos istigh ag an duine lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|