+Airteagal 3 Trádáil chos istigh a thoirmeasc
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
|
Airteagal 3 Trádáil chos istigh a thoirmeasc
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Toirmiscfear ar dhaoine a bhfuil faisnéis chos istigh, maidir le táirge mórdhíola fuinnimh, acu na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an fhaisnéis sin a úsáid chun táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, nó trí fhéachaint le táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, go díreach nó go hindíreach, ar a gcuntas féin, nó ar chuntas tríú páirtí;
(b)
an fhaisnéis sin a nochtadh d’aon duine eile, mura rud é go ndéantar an nochtadh sin i ngnáthchúrsa fheidhmiú a bhfostaíochta, a ngairme nó a ndualgas;
(c)
ar bhonn faisnéise cos istigh, a mholadh do dhuine eile táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt nó duine eile a aslú chun táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt.
Measfar freisin gur trádáil cos istigh í faisnéis cos istigh a úsáid chun ordú, nó aon ghníomhaíocht trádála eile a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis, a chealú nó a leasú i gcás ina ndearnadh an t-ordú sula raibh an fhaisnéis cos istigh ag an duine lena mbaineann.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Tá feidhm ag an toirmeasc atá leagtha amach i mír 1 maidir leis na daoine seo a leanas a bhfuil faisnéis chos istigh acu i ndáil le táirge mórdhíola fuinnimh:
(a)
comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid gnóthais;
(b)
daoine a bhfuil sealúchais acu i gcaipiteal de chuid gnóthais;
(c)
daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis trí fheidhmiú a bhfostaíochta, a ngairme nó a ndualgas;
(d)
daoine a bhfuil faisnéis den sórt sin faighte acu trí ghníomhaíocht choiriúil;
(e)
daoine a bhfuil a fhios acu, nó ar cheart dóibh fios a bheith acu, gur faisnéis chos istigh í.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Ní bheidh feidhm ag pointe (a) agus pointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo maidir le hoibreoirí córas tarchurtha nuair atá siad ag ceannach
►M2
leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ lena áirithiú go n-oibreoidh an córas go slán sábháilte i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi phointe (d) agus faoi phointe (e) d'Airteagal 12 de Threoir 2009/72/CE nó faoi phointe (a) agus faoi phointe (c) d'Airteagal 13(1) de Threoir 2009/73/CE.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
idirbhearta a dhéantar le linn oibleagáid a chomhlíonadh atá tagtha chun bheith dlite i ndáil le táirgí mórdhíola fuinnimh a fháil nó a dhiúscairt i gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid sin as comhaontú a tugadh i gcrích, nó as ordú a rinneadh chun trádáil a dhéanamh, sula bhfuair an duine lena mbaineann seilbh ar fhaisnéis chos istigh;
(b)
idirbhearta a dhéanann táirgeoirí leictreachais agus gáis nádúrtha, oibreoirí saoráidí stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí saoráidí allmhairithe LNG, ar idirbhearta iad arb é is aon chuspóir leo ná cumhdach a dhéanamh ar chaillteanas fisiceach láithreach a eascraíonn as éarthaí neamhphleanáilte, dá mba rud é, mura ndéanfaí amhlaidh, gurbh é an toradh a bheadh ann ná nach mbeadh an rannpháirtí margaidh in ann na hoibleagáidí conarthacha atá ann a chomhlíonadh nó i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht sin le comhaontú ó oibreoir/oibreoirí córas tarchurtha lena mbaineann chun oibríocht shlán shábháilte an chórais a áirithiú. I gcás den sórt sin, déanfar an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta a thuairisciú don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta. Tá an oibleagáid sin maidir le tuairisciú gan dochar don oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 4(1);
(c)
rannpháirtithe margaidh atá ag gníomhú faoi rialacha éigeandála náisiúnta, i gcás ina bhfuil údaráis náisiúnta tar éis idirghabháil a dhéanamh chun a chur faoi deara go ndéanfar an soláthar
►M2
leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ a choimeád ar bun agus ina bhfuiltear tar éis sásraí margaidh a chur ar fionraí i mBallstát, nó i gcodanna de Bhallstát. Sa chás sin, déanfaidh an t-údarás atá inniúil do phleanáil éigeandála foilsiú a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 4.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Más duine dlítheanach an duine a shealbhaíonn faisnéis chos istigh i ndáil le táirge mórdhíola fuinnimh, beidh feidhm ag na toirmisc atá leagtha síos i mír 1 freisin maidir leis na daoine nádúrtha a ghlacann páirt sa chinneadh chun an t-idirbheart a dhéanamh ar chuntas an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.
|
|
Airteagal 3 6.
|
Nuair a scaiptear faisnéis chun críocha iriseoireachta nó mar léiriú ealaíne, déanfar an scaipeadh faisnéise sin a mheasúnú agus aird á tabhairt ar na rialacha lena rialaítear saoirse an phreasa agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh i meáin eile mura rud é:
(a)
go bhfaigheann na daoine sin, go díreach nó go hindíreach, buntáiste nó brabúis as scaipeadh na faisnéise i dtrácht; nó
(b)
go ndéantar an nochtadh nó an scaipeadh sin le hintinn an margadh a chur ar míthreoir i dtaca le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó i dtaca leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R1227
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|