|
+Airteagal 3 4. |
Airteagal 3 4.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
idirbhearta a dhéantar le linn oibleagáid a chomhlíonadh atá tagtha chun bheith dlite i ndáil le táirgí mórdhíola fuinnimh a fháil nó a dhiúscairt i gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid sin as comhaontú a tugadh i gcrích, nó as ordú a rinneadh chun trádáil a dhéanamh, sula bhfuair an duine lena mbaineann seilbh ar fhaisnéis chos istigh;
(b)
idirbhearta a dhéanann táirgeoirí leictreachais agus gáis nádúrtha, oibreoirí saoráidí stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí saoráidí allmhairithe LNG, ar idirbhearta iad arb é is aon chuspóir leo ná cumhdach a dhéanamh ar chaillteanas fisiceach láithreach a eascraíonn as éarthaí neamhphleanáilte, dá mba rud é, mura ndéanfaí amhlaidh, gurbh é an toradh a bheadh ann ná nach mbeadh an rannpháirtí margaidh in ann na hoibleagáidí conarthacha atá ann a chomhlíonadh nó i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht sin le comhaontú ó oibreoir/oibreoirí córas tarchurtha lena mbaineann chun oibríocht shlán shábháilte an chórais a áirithiú. I gcás den sórt sin, déanfar an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta a thuairisciú don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta. Tá an oibleagáid sin maidir le tuairisciú gan dochar don oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 4(1);
(c)
rannpháirtithe margaidh atá ag gníomhú faoi rialacha éigeandála náisiúnta, i gcás ina bhfuil údaráis náisiúnta tar éis idirghabháil a dhéanamh chun a chur faoi deara go ndéanfar an soláthar ►M2 leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ a choimeád ar bun agus ina bhfuiltear tar éis sásraí margaidh a chur ar fionraí i mBallstát, nó i gcodanna de Bhallstát. Sa chás sin, déanfaidh an t-údarás atá inniúil do phleanáil éigeandála foilsiú a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 4. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|