|
+Airteagal 13a 3. |
Airteagal 13a 3.A mhéid is gá le haghaidh na cigireachta ar an láthair, tabharfar de chumhacht d’oifigigh na Gníomhaireachta agus do dhaoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht chun an chigireacht sin a dhéanamh, maidir leis na daoine atá faoi réir cinneadh arna ghlacadh ag an nGníomhaireacht de bhun mhír 6, an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
dul isteach in áitreabh ábhartha na ndaoine sin;
(b)
scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann lena ngnó, gan beann ar an meán ar a stóráiltear iad;
(c)
cóipeanna de leabhair den sórt sin nó de thaifid den sórt sin nó sleachta astu a thógáil nó a fháil i bhfoirm ar bith;
(d)
aon áitreabh gnó agus leabhair nó taifid a shéalú don tréimhse agus a mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta;
(e)
a iarraidh ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne de chuid na ndaoine sin mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta ar an láthair agus na freagraí a thaifeadadh. Cé is moite de chásanna cuí-réasúnaithe, ní ghreamófar na séalaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), ar feadh tréimhse is faide ná 72 uair an chloig. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|