|
+Airteagal 13d 1. |
Airteagal 13d 1.Déanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí ar an láthair, iarrfaidh sí faisnéis agus glacfaidh sí ráitis agus lánurraim á tabhairt do choimircí nós imeachta na ndaoine atá faoi réir imscrúdaithe, lena n-áirítear:
(a)
an ceart gan ráitis fhéin-ionchoiritheacha a dhéanamh;
(b)
an ceart chun cúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin;
(c)
an ceart chun aon cheann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht ar an láthair a úsáid;
(d)
an ceart chun barúil a thabhairt ar fhíorais a bhaineann leo sula nglacfar an tuarascáil imscrúdúcháin de bhun Airteagal 13(11,);
(e)
an ceart chun cóip den taifead den agallamh a fháil agus é a fhormheas nó barúlacha a chur leis. Beidh achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an duine i dtrácht san áireamh sa chuireadh chun barúil a thabhairt ar fhíorais de bhun an chirt dá dtagraítear i bpointe (d) agus léireofar sa chuireadh sin teorainn ama leordhóthanach chun barúlacha a thíolacadh. I gcásanna cuí-réasúnaithe inar gá rúndacht na cigireachta ar an láthair nó imscrúdaithe riaracháin nó choiriúil atá ar siúl nó a bheidh ar siúl amach anseo arna dhéanamh ag údarás náisiúnta a chaomhnú, féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh an cuireadh chun barúil a thabhairt a chur siar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|