|
Beidh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur de bhun Airteagal 13g in-fhorfheidhmithe. Rialófar an forfheidhmiú leis na rialacha náisiúnta nós imeachta is infheidhme sna Ballstáit lena mbaineann. Beidh an t-ordú maidir lena fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh ón nGníomhaireacht, gan d’fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ón údarás náisiúnta a ainmneoidh rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Ghníomhaireacht agus don Chúirt Bhreithiúnais. Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí dá dtagraítear sa tríú fomhír curtha i gcrích ag an údarás náisiúnta ainmnithe, ar iarratas ón nGníomhaireacht, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar aghaidh leis an bhforfheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis náisiúnta ainmnithe. Ní fhéadfar forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna na mBallstát lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.
|