+Airteagal 15 Oibleagáidí ar dhaoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
|
Airteagal 15 Oibleagáidí ar dhaoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Aon duine a shocraíonn idirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh go gairmiúil ar a bhfuil drochamhras réasúnach go bhféadfadh ordú chun trádáil a dhéanamh nó idirbheart, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú air, cibé acu a chuirtear ar ionad margaidh eagraithe é nó lasmuigh de, Airteagal 3, 4 nó 5 a shárú, tabharfaidh an duine sin fógra faoi sin don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta ábhartha gan a thuilleadh moille agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ón lá a thagann an duine sin ar an eolas faoin teagmhas amhrasach.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Aon duine a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus a fhorghníomhaíonn freisin idirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh nach ionstraimí airgeadais iad, agus ar a bhfuil drochamhras réasúnach go bhféadfadh ordú chun trádáil a dhéanamh nó idirbheart, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú air, cibé acu a chuirtear ar ionad margaidh eagraithe é nó lasmuigh de, Airteagal 3, 4 nó 5 den Rialachán seo a shárú, tabharfaidh an duine sin fógra faoi sin don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta ábhartha gan a thuilleadh moille agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ón lá a thagann an duine sin ar an eolas faoin teagmhas amhrasach.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Déanfaidh na daoine dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 socruithe, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú agus a choinneáil ar bun chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
sáruithe féideartha ar Airteagal 3, 4 nó 5 a shainaithint;
(b)
a ráthú nach mbeidh aon choinbhleacht leasa i gceist lena bhfostaithe a dhéanann gníomhaíochtaí faireachais chun críoch an Airteagail seo agus go ngníomhóidh siad ar bhealach neamhspleách;
(c)
orduithe agus idirbhearta amhrasacha a bhrath agus a thuairisciú.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, beidh daoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil faoi réir rialacha fógartha na mBallstát ina bhfuil an rannpháirtí margaidh ag a bhfuil baint leis an sárú féideartha cláraithe agus ina seachadtar an táirge mórdhíola fuinnimh. Díreofar fógra den sórt sin chuig údaráis rialála náisiúnta na mBallstát sin.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Faoin 8 Bealtaine 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta, tuarascáil a eisiúint agus a phoibliú ina mbeidh faisnéis chomhiomlánaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí, cé is moite d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na socruithe, na córais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3 agus a n-éifeachtacht;
(b)
an anailís a dhéanann na húdaráis rialála náisiúnta ar idirbhearta amhrasacha, freagairt na n-údarás rialála náisiúnta ar thuairisciú ar dhroch-cháilíocht agus ar chásanna nach ndearnadh tuairisciú ar idirbhearta amhrasacha agus gníomhaíochtaí gaolmhara na n-údarás rialála náisiúnta a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú agus pionóis.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R1227
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|