|
+Airteagal 16 1. |
Airteagal 16 1.Beidh sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht a áirithiú go ndéanfaidh údaráis rialála náisiúnta a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích ar bhealach comhordaithe agus comhsheasmhach. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, de réir mar is iomchuí, treoir neamhcheangailteach a fhoilsiú maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
cur i bhfeidhm na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2, lena n-áirítear maidir le liosta neamh-uileghabhálach a bhunú de na céimeanna idirmheánacha ábhartha i bpróiseas fadtréimhseach sna cásanna sin ina gcomhlíonann an fhaisnéis, aisti féin, na critéir a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (1); agus
(b)
táscairí agus samplaí neamh-uileghabhálacha d’iompraíocht mhargaidh a bhaineann le cúbláil margaidh, chomh maith le trádáil cos istigh dá dtagraítear in Airteagal 3. Comhoibreoidh údaráis rialála náisiúnta leis an nGníomhaireacht agus lena chéile, lena n-áirítear ar leibhéal réigiúnach, chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, údaráis iomaíochta náisiúnta agus údaráis chánach náisiúnta cineálacha iomchuí comhair a bhunú chun imscrúdú agus forfheidhmiú tráthúil éifeachtach éifeachtúil a áirithiú agus chun rannchuidiú le cur chuige comhleanúnach comhsheasmhach i leith imscrúdaithe, i leith imeachtaí breithiúnacha agus i leith fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus an dlí ábhartha airgeadais agus iomaíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|