+Airteagal 16a Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean
---+Airteagal 16a 1.
---+Airteagal 16a 2.
---+Airteagal 16a 3.
---+Airteagal 16a 4.
---+Airteagal 16a 5.
|
Airteagal 16a Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16a 1.
|
Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, le toiliú an toscaire, cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean chuig an nGníomhaireacht nó chuig údarás rialála náisiúnta eile faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit socruithe sonracha a leagan amach maidir le tarmligean freagrachtaí atá le comhlíonadh sula ndéanfaidh a n-údaráis rialála náisiúnta comhaontuithe tarmligin agus féadfaidh siad raon feidhme an tarmligin a theorannú do na nithe is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh nó ar ghrúpaí. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt d’údaráis rialála náisiúnta trí threoir neamhcheangailteach a eisiúint nó trí dhea-chleachtais a mhalartú maidir le cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean idir údaráis rialála náisiúnta inniúla.
|
|
Airteagal 16a 2.
|
Is é a leanfaidh as tarmligean na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí go n-ath-leithdháilfear na hinniúlachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo. Is le dlí na mBallstát ina bhfuil an toscaire lonnaithe a rialófar an nós imeachta, an forfheidhmiú agus an t-athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach a bhaineann leis na freagrachtaí tarmligthe.
|
|
Airteagal 16a 3.
|
Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta fógra don Ghníomhaireacht faoi aon chomhaontuithe maidir le tarmligean a bheartaíonn siad a dhéanamh. Déanfaidh siad na comhaontuithe sin mí amháin, ar a luaithe, tar éis dóibh an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas.
|
|
Airteagal 16a 4.
|
Féadfaidh an Ghníomhaireacht tuairim ar chomhaontú tarmligin atá beartaithe ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 3 a eisiúint laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra a fháil.
|
|
Airteagal 16a 5.
|
Chun a áirithiú go gcuirfear na páirtithe go léir lena mbaineann ar an eolas go hiomchuí, déanfaidh an Ghníomhaireacht aon chomhaontú tarmligin arna thabhairt i gcrích ag na húdaráis rialála náisiúnta a fhoilsiú trí mheán iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R1227
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|