+Airteagal 8 Fógraí onnmhairíochta a chuirtear ar aghaidh chuig Páirtithe agus chuig tíortha eile
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.

Airteagal 8 Fógraí onnmhairíochta a chuirtear ar aghaidh chuig Páirtithe agus chuig tíortha eile

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
I gcás substaintí a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I nó i gcás meascán ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, is cuma má tá substaintí eile ann, beidh feidhm ag mír 2 go mír 8 den Airteagal seo, gan aird ar an úsáid atá beartaithe don cheimiceán sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta.
Airteagal 8 2.
I gcás ina mbeidh onnmhaireoir ar tí ceimiceán dá dtagraítear i mír 1 a onnmhairiú ón Aontas chuig Páirtí nó chuig tír eile den chéad uair ar an dáta a mbeidh sé faoi réir an Rialacháin seo nó ina dhiaidh sin, tabharfaidh an t-onnmhaireoir fógra d’údarás náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe (“Ballstát an onnmhaireora”) tráth nach déanaí ná 35 lá roimh an dáta onnmhairaithe ionchasach. Ina dhiaidh sin cuirfidh an t-onnmhaireoir an chéad onnmhairiú den cheimiceán i ngach bliain féilire in iúl don údarás náisiúnta ainmnithe sin tráth nach déanaí ná 35 lá sula dtarlóidh an t-onnmhairiú. Comhlíonfaidh na fógraí na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus cuirfear iad ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

Déanfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora a sheiceáil an gcomhlíonann an fhaisnéis Iarscríbhinn II agus má tá an fógra iomlán, déanfaidh sé é a chur ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht tráth nach déanaí ná 25 lá roimh an dáta onnmhairithe ionchasach.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann an Choimisiúin, an fógra a chur chuig údarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó údarás iomchuí na tíre eile allmhairíochta agus déanfaidh sí na bearta riachtanacha a ghlacadh d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh siad an fógra sin tráth nach déanaí ná 15 lá roimh an gcéad onnmhairiú a bheartaítear don cheimiceán agus ina dhaidh sin tráth nach déanaí ná 15 lá roimh an gcéad onnmhairiú in aon bhliain féilire dá éis sin.

Cláróidh an Ghníomhaireacht gach fógra onnmhairíochta agus sannfaidh sí uimhir thagartha shainaitheantais dó sa Bhunachar Sonraí, déanfaidh an Ghníomhaireacht liosta a bheidh cothrom le dáta de na ceimiceáin lena mbaineann agus de na Páirtithe allmhairíochta agus de na tíortha eile do gach bliain féilire a chur ar fáil freisin don phobal agus d’údaráis náisiúnta ainmnithe na mBallstát, de réir mar is iomchuí, trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

Airteagal 8 3.
Mura bhfaighidh an Ghníomhaireacht ón bPáirtí allmhairíochta nó ón tír eile admháil go bhfuarthas fógra an chéad onnmhairithe a rinneadh tar éis an ceimiceán a chuimsiú i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I faoi cheann 30 lá ó seoladh an fógra sin, tíolacfaidh sé an dara fógra thar ceann an Choimisiúin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann an Choimisiúin, iarrachtaí réasúnta chun a áirithiú go bhfaighidh údarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó go bhfaighidh údarás iomchuí na tíre eile allmhairíochta an dara fógra.
Airteagal 8 4.
Tabharfar fógra onnmhairíochta nua i gcomhréir le mír 2 d’onnmhairithe a chuirfear i gcrích tar éis theacht i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais a bhaineann le margaíocht, le húsáid nó le lipéadú na substaintí a bheidh i dtrácht nó aon uair a athróidh comhdhéanamh an mheascáin a bheidh i dtrácht ionas go n-athrófar lipéadú meascáin den sórt sin. Comhlíonfaidh an fógra nua na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus sonrófar ann gur leagan coigeartaithe é den fhógra roimhe sin.
Airteagal 8 5.
I gcás ina mbainfidh onnmhairiú ceimiceáin le staid éigeandála ina bhféadfadh aon mhoill sláinte an phobail nó an comhshaol a chur i mbaol sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile, féadfar díolúine ó na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 a dheonú go hiomlán nó go páirteach ar iarraidh réasúnaithe ón onnmhaireor nó ón bPáirtí allmhairíochta nó ó thír eile agus de rogha údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige. Mura bhfaightear aon fhreagairt easaontach ón gCoimisiún faoi cheann 10 lá ón lá a ndéanfaidh údarás náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit an iarraidh, measfar go ndearnadh cinneadh maidir leis an iarraidh i gcomhar leis an gCoimisiún.
Airteagal 8 6.

Gan dochar do na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 19(2), scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo nuair a chomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nuair a thiocfaidh an ceimiceán faoi réir nós imeachta PIC;

(b) 

nuair a chuirfidh an tír allmhairíochta is Páirtí sa Choinbhinsiún freagairt ar fáil don Rúnaíocht i gcomhréir le hAirteagal 10(2) den Choinbhinsiún lena gcuirtear in iúl cibé an dtoileoidh sé le hallmhairiú an cheimiceáin nó nach dtoileoidh sé leis; agus

(c) 

nuair a chuirfidh an Rúnaíocht an Coimisiún ar an eolas faoin bhfreagairt agus nuair a chuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig an nGníomhaireacht.

D’ainneoin an chéad fhomhír den mhír seo, ní scoirfidh na hoibleagáidí atá leagtha amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo, i gcás inar Páirtí sa Choinbhinsiún tír allmhairíochta agus i gcás ina ndéanfaidh sí éileamh sainráite go dtabharfaidh na Páirtithe onnmhairíochta fógra onnmhairíochta go leanúnach, mar shampla, trína chinneadh allmhairíochta nó ar dhóigh eile.

Gan dochar do na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 19(2), scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo freisin nuair a chomhlíonfar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tarscaoilfidh údarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó údarás iomchuí na tíre eile allmhairíochta an ceanglas go dtabharfar fógra dó sula n-onnmhaireofar an ceimiceán; agus

(b) 

beidh faisnéis ón Rúnaíocht nó ó údarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó ó údarás iomchuí na tíre eile allmhairíochta faighte ag an gCoimisiún agus déanfaidh sé í a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig an nGníomhaireacht, a chuir ar fáil í trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

Airteagal 8 7.
Déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil, údaráis náisiúnta ainmnithe ábhartha na mBallstát, an Ghníomhaireacht agus na honnmhaireoirí faisnéis bhreise a bheidh ar fáil faoi na ceimiceáin a onnmhaireofar a chur ar fáil do na Páirtithe allmhairíochta agus do thíortha eile.
Airteagal 8 8.
Féadfaidh Ballstáit córais a bhunú, ar mhodh trédhearcach, ina gcuirfear d’oibleagáid ar onnmhaireoirí táille riaracháin a íoc as gach fógra onnmhairíochta a dhéanfar agus as gach iarraidh a dhéanfar ar thoiliú sainráite ina bhfreagróidh an táille sin do na costais a thabhóidh siad agus na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 14(6) agus (7) á gcur i gcrích acu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.10.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0649
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.