|
+Airteagal 8 2. |
Airteagal 8 2.I gcás ina mbeidh onnmhaireoir ar tí ceimiceán dá dtagraítear i mír 1 a onnmhairiú ón Aontas chuig Páirtí nó chuig tír eile den chéad uair ar an dáta a mbeidh sé faoi réir an Rialacháin seo nó ina dhiaidh sin, tabharfaidh an t-onnmhaireoir fógra d’údarás náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe (“Ballstát an onnmhaireora”) tráth nach déanaí ná 35 lá roimh an dáta onnmhairaithe ionchasach. Ina dhiaidh sin cuirfidh an t-onnmhaireoir an chéad onnmhairiú den cheimiceán i ngach bliain féilire in iúl don údarás náisiúnta ainmnithe sin tráth nach déanaí ná 35 lá sula dtarlóidh an t-onnmhairiú. Comhlíonfaidh na fógraí na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus cuirfear iad ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit trí bhíthin an Bhunachair Shonraí. Déanfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora a sheiceáil an gcomhlíonann an fhaisnéis Iarscríbhinn II agus má tá an fógra iomlán, déanfaidh sé é a chur ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht tráth nach déanaí ná 25 lá roimh an dáta onnmhairithe ionchasach. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann an Choimisiúin, an fógra a chur chuig údarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó údarás iomchuí na tíre eile allmhairíochta agus déanfaidh sí na bearta riachtanacha a ghlacadh d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh siad an fógra sin tráth nach déanaí ná 15 lá roimh an gcéad onnmhairiú a bheartaítear don cheimiceán agus ina dhaidh sin tráth nach déanaí ná 15 lá roimh an gcéad onnmhairiú in aon bhliain féilire dá éis sin. Cláróidh an Ghníomhaireacht gach fógra onnmhairíochta agus sannfaidh sí uimhir thagartha shainaitheantais dó sa Bhunachar Sonraí, déanfaidh an Ghníomhaireacht liosta a bheidh cothrom le dáta de na ceimiceáin lena mbaineann agus de na Páirtithe allmhairíochta agus de na tíortha eile do gach bliain féilire a chur ar fáil freisin don phobal agus d’údaráis náisiúnta ainmnithe na mBallstát, de réir mar is iomchuí, trí bhíthin an Bhunachair Shonraí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|