|
+Airteagal 10 1. |
Airteagal 10 1.Gach onnmhaireoir de cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin díobh seo a leanas:
(a)
substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(b)
meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 is cuma an bhfuil aon substaintí eile ann; nó
(c)
earraí ina bhfuil substaintí a liostaítear i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I i bhfoirm neamh-imoibrithe nó meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 is cuma an bhfuil aon substaintí eile ann, déanfaidh siad, i rith na chéad ráithe de gach bliain, údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora a chur ar an eolas maidir le cainníocht an cheimiceáin, mar shubstaint agus mar atá sé i meascáin nó in earraí, a seoladh chuig gach Páirtí nó chuig gach tír eile i rith na bliana roimhe sin. Tabharfar an fhaisnéis sin mar aon le liosta d’ainmneacha agus de sheoltaí gach duine nádúrtha nó dlítheanach a allmhairíonn an ceimiceán isteach i bPáirtí nó i dtír eile a ndearnadh seoladh chucu i rith na tréimhse céanna. Déanfar onnmhairí de bhun Airteagal 14(7) a liostú san fhaisnéis sin ar dhóigh leithleach. Cuirfidh gach allmhaireoir laistigh den Aontas an fhaisnéis choibhéiseach ar fáil maidir leis na cainníochtaí a allmhairíodh isteach san Aontas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|