+Airteagal 10 Faisnéis faoi onnmhairiú agus allmhairiú ceimiceán
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
|
Airteagal 10 Faisnéis faoi onnmhairiú agus allmhairiú ceimiceán
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Gach onnmhaireoir de cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin díobh seo a leanas:
(a)
substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(b)
meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 is cuma an bhfuil aon substaintí eile ann; nó
(c)
earraí ina bhfuil substaintí a liostaítear i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I i bhfoirm neamh-imoibrithe nó meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 is cuma an bhfuil aon substaintí eile ann,
déanfaidh siad, i rith na chéad ráithe de gach bliain, údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora a chur ar an eolas maidir le cainníocht an cheimiceáin, mar shubstaint agus mar atá sé i meascáin nó in earraí, a seoladh chuig gach Páirtí nó chuig gach tír eile i rith na bliana roimhe sin. Tabharfar an fhaisnéis sin mar aon le liosta d’ainmneacha agus de sheoltaí gach duine nádúrtha nó dlítheanach a allmhairíonn an ceimiceán isteach i bPáirtí nó i dtír eile a ndearnadh seoladh chucu i rith na tréimhse céanna. Déanfar onnmhairí de bhun Airteagal 14(7) a liostú san fhaisnéis sin ar dhóigh leithleach.
Cuirfidh gach allmhaireoir laistigh den Aontas an fhaisnéis choibhéiseach ar fáil maidir leis na cainníochtaí a allmhairíodh isteach san Aontas.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Arna iarraidh sin don Choimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht, nó d’údarás náisiúnta ainmnithe a Bhallstáit, cuirfidh an t-onnmhaireoir nó an t-allmhaireoir aon fhaisnéis bhreise ar fáil a bhaineann le ceimiceáin a bheidh riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Cuirfidh gach Ballstát faisnéis chomhiomlán ar fáil don Ghníomhaireacht gach bliain i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Déanfaidh an Ghníomhaireacht achoimre den fhaisnéis sin ar leibhéal an Aontais agus cuirfidh sé an fhaisnéis nach mbeidh faoi rún ar fáil go poiblí trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.10.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0649
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|