+Airteagal 11 Fógra a thabhairt faoi cheimiceáin a gcuirtear toirmeasc nó srian mór orthu faoin gCoinbhinsiún
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
|
Airteagal 11 Fógra a thabhairt faoi cheimiceáin a gcuirtear toirmeasc nó srian mór orthu faoin gCoinbhinsiún
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don Rúnaíocht faoi aon cheimiceán a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I, a bheidh incháilithe d’fhógra PIC.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Tráth ar bith a gcuirtear ceimiceáin bhreise le Cuid 2 d’Iarscríbhinn I de bhun an dara fhomhír d’Airteagal 23(2), tabharfaidh an Coimisiún fógra don Rúnaíocht maidir leis na ceimiceáin sin. Tíolacfar an fógra PIC sin a luaithe is féidir tar éis an gníomh rialála críochnaitheach ábhartha de chuid an Aontais a ghlacadh lena gcuirfear toirmeasc nó srian mór ar an gceimiceán, tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an dáta a mbeidh an gníomh rialála críochnaitheach le cur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Cuirfidh an fógra PIC an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil de réir mar a éilítear in Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Agus tosaíochtaí á gcinneadh aige le haghaidh fógraí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an bhfuil an ceimiceán liostaithe cheana féin i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, an méid is féidir na ceanglais faisnéise a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh, agus déine na rioscaí a bhaineann leis an gceimiceán, go háirithe do thíortha i mbéal forbartha. I gcás ina mbeidh ceimiceán incháilithe d’fhógra PIC, ach nach mbeidh an fhaisnéis leordhóthanach chun ceanglais Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh, déanfaidh onnmhaireoirí aitheanta nó allmhaireoirí aitheanta, arna iarraidh sin don Choimisiún, an fhaisnéis ábhartha uile a bheidh ar fáil dóibh, lena n-áirítear an fhaisnéis ó chláir náisiúnta nó idirnáisiúnta rialaithe ceimiceán eile, a chur ar fáil faoi cheann 60 lá den iarraidh a dhéanamh.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Cuirfidh an Coimisiún fógra i scríbhinn chuig an Rúnaíocht nuair a leasófar gníomh rialála críochnaitheach faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 a luaithe is féidir tar éis an gníomh rialála críochnaitheach nua a ghlacadh, tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis an dáta a mbeidh an gníomh rialála críochnaitheach nua le cur i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil an fhaisnéis ábhartha uile nach raibh ar fáil an tráth a ndearnadh an chéad fhógra faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 faoi seach.
|
|
Airteagal 11 6.
|
Arna iarraidh sin d’aon Pháirtí nó don Rúnaíocht, cuirfidh an Coimisiún faisnéis bhreise ar fáil faoin gceimiceán nó faoin ngníomh rialála críochnaitheach, a mhéid is féidir. Ar iarraidh a fháil, cuideoidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún de réir mar is gá i dtiomsú na faisnéise sin.
|
|
Airteagal 11 7.
|
Cuirfidh an Coimisiún láithreach chuig na Ballstáit agus chuig an nGníomhaireacht aon fhaisnéis a gheobhaidh sé ón Rúnaíocht a bhaineann le ceimiceáin ar fógraíodh gur chuir Páirtithe eile toirmeasc nó srian mór orthu. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún measúnú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht ar an ngá le bearta a mholadh ar leibhéal an Aontais d’fhonn aon rioscaí a bheadh neamh-inghlactha maidir le sláinte an duine nó maidir leis an gcomhshaol laistigh den Aontas a chosc.
|
|
Airteagal 11 8.
|
I gcás ina nglacfaidh Ballstát gníomh rialála críochnaitheach náisiúnta i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais chun toirmeasc nó srian mór a chur ar cheimiceán, cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fáil don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit. Faoi cheann ceithre seachtaine ón bhfaisnéis sin a bheith curtha ar fáil, féadfaidh na Ballstáit barúlacha faoi fhógra PIC a d’fhéadfaí a dhéanamh, lena n-áirítear, go háirithe, faisnéis ábhartha faoina staid rialála náisiúnta i dtaca leis an gceimiceán, a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát a thíolaic an gníomh rialála críochnaitheach náisiúnta. Tar éis na barúlacha a bhreithniú, cuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an tíolacadh in iúl don Choimisiún cibé an mbeidh ar an gCoimisiún:
(a)
fógra PIC a thabhairt don Rúnaíocht de bhun an Airteagail seo; nó
(b)
an fhaisnéis a sholáthar don Rúnaíocht, de bhun Airteagal 12.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.10.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0649
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|