+Airteagal 14 7.

Airteagal 14 7.

I gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, féadfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, ar bhonn cás ar chás agus faoi réir an dara fhomhír, a chinneadh go bhféadfaidh an t-onnmhairiú dul ar aghaidh, más rud é nach bhfuil aon fhianaise ann ó fhoinsí oifigiúla gurb ann do ghníomh rialála críochnaitheach chun úsáid an cheimiceáin a thoirmeasc nó srian mór a chur air, arna dhéanamh ag an bPáirtí allmhairíochta nó ag an tír eile allmhairíochta agus más rud é, tar éis gach iarracht réasúnta a dhéanamh, nach bhfuarthas freagairt ar iarraidh ar thoiliú sainráite de bhun phointe (a) de mhír 6 faoi cheann 60 lá agus i gcás go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil fianaise ann ó fhoinsí oifigiúla sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta go bhfuil an ceimiceán ceadúnaithe, cláraithe nó údaraithe; nó

(b) 

nach bhfuil an úsáid bheartaithe atá dearbhaithe san fhógra onnmhairíochta agus atá deimhnithe i scríbhinn ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag allmhairiú an cheimiceáin isteach i bPáirtí nó i dtír eile, i gcatagóir ina liostaítear an ceimiceán i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I; agus go bhfuil fianaise ann ó fhoinsí oifigiúla gur úsáideadh an ceimiceán sna cúig bliana dheireanacha sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta lena mbaineann nó gur allmhairíodh an ceimiceán chuig an bPáirtí allmhairíochta nó chuig an tír eile allmhairíochta lena mbaineann.

I gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, ní fhéadfaidh onnmhairiú atá bunaithe ar chomhlíonadh an choinníll faoi phointe (b) dul ar aghaidh má aicmíodh an ceimiceán i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar charcanaigineach de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B, nó mar shó-ghineach de chatagóir 1A nó 1B, nó mar thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B nó má chomhlíonann an ceimiceán critéir Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le bheith marthanach, bithcharnach agus tocsaineach nó an-mharthanach agus an-bhithcharnach.

Agus cinneadh á dhéanamh ar onnmhairiú ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, déanfaidh údarás náisiúnta Bhallstát an onnmhaireora ainmnithe, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gceimiceán sin ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta a bhreithniú, agus déanfaidh sé doiciméid ábhartha a chur isteach chuig an nGníomhaireacht, is doiciméid a bheidh le cur ar fáil trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.10.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0649
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.