+Airteagal 14 Oibleagáidí maidir le ceimiceáin a onnmhairiú seachas fógra onnmhairíochta a thabhairt
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 14 8.
---+Airteagal 14 9.
---+Airteagal 14 10.
---+Airteagal 14 11.

Airteagal 14 Oibleagáidí maidir le ceimiceáin a onnmhairiú seachas fógra onnmhairíochta a thabhairt

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.
An fhaisnéis a gheobhaidh an Coimisiún ón Rúnaíocht maidir le ceimiceáin a bheidh faoi réir nós imeachta PIC agus cinntí na bPáirtithe allmhairíochta maidir le coinníollacha allmhairíochta is infheidhme maidir leis na ceimiceáin sin, cibé an i bhfoirm ciorclán nó i bhfoirm eile a bheidh an fhaisnéis, cuirfidh sé ar aghaidh láithreach chuig na Ballstáit, chuig an nGníomhaireacht agus chuig comhlachais Eorpacha tionscal í. Cuirfidh sé ar aghaidh láithreach freisin chuig na Ballstáit agus chuig an nGníomhaireacht aon fhaisnéis faoi chásanna ina ndearnadh mainneachtain freagairt a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 10(2) den Choinbhinsiún. Sannfaidh an Ghníomhaireacht uimhir thagartha shainaitheantais do gach cinneadh agus coinneoidh sí an fhaisnéis uile maidir leis na cinntí sin ar fáil go poiblí trí bhíthin an Bhunachair Shonraí, agus cuirfidh sí an fhaisnéis sin ar fáil d’aon duine arna iarraidh sin dó.
Airteagal 14 2.
Sannfaidh an Coimisiún aicmiú in Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh do gach ceimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn I. Coigeartófar na haicmí sin de réir mar is gá i bhfianaise aon athruithe a dhéanfar ar Chóras Comhchuibhithe Ainmníochta na hEagraíochta Domhanda Chustaim nó in Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh do na ceimiceáin lena mbaineann.
Airteagal 14 3.
Déanfaidh gach Ballstát an fhaisnéis agus na cinntí a chuirfidh an Coimisiún ar aghaidh faoi mhír 1 a chur in iúl dóibh siúd lena mbaineann a bheidh laistigh dá dhlínse.
Airteagal 14 4.
Comhlíonfaidh onnmhaireoirí cinntí i ngach freagairt allmhairíochta tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Rúnaíocht na cinntí sin a chur in iúl ar dtús don Choimisiún faoi mhír 1.
Airteagal 14 5.
Cuirfidh an Coimisiún, agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, agus na Ballstáit comhairle agus cúnamh ar fáil do na Páirtithe allmhairíochta, arna iarraidh sin dóibh agus de réir mar is iomchuí, chun tuilleadh faisnéise a fháil a bhfuil gá léi chun freagairt a ullmhú don Rúnaíocht maidir le ceimiceán áirithe a allmhairiú.
Airteagal 14 6.

Substaintí a liostaítear i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I nó meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 is cuma an bhfuil substaintí eile ann nó nach bhfuil, gan féachaint don úsáid atá beartaithe dóibh sa Pháirtí allmhairíochta nó i dtír eile, ní onnmhaireofar iad mura gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gur iarr an t-onnmhaireoir toiliú sainráite don allmhairiú agus go bhfuair sé é sin trí údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, agus le húdarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó le húdarás iomchuí i dtír eile allmhairíochta;

(b) 

i gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, go sonrófar sa chiorclán is déanaí a d’eisigh an Rúnaíocht de bhun mhír 1 go bhfuil toiliú tugtha ag an bPáirtí allmhairíochta don allmhairiú.

I gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a bheidh le honnmhairiú chuig tíortha ECFE, féadfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora, ar iarraidh ón onnmhaireoir, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus ar bhonn cás ar chás, a chinneadh nach mbeidh gá le toiliú sainráite más rud é, tráth an allmhairithe isteach sa tír ECFE lena mbaineann, go ndéanfar an ceimiceán a cheadúnú, a chlárú nó a údarú sa tír ECFE sin.

I gcás inar iarradh toiliú sainráite de bhun phointe (a) den chéad fhomhír, seolfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann an Choimisiúin, meabhrán mura bhfuair an Ghníomhaireacht freagairt ar an iarraidh faoi cheann 30 lá, ach amháin má fuair an Coimisiún nó údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora freagairt agus má chuir siad ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht í. I gcás inarb iomchuí, mura bhfaighfear freagairt faoi cheann 30 lá eile, féadfaidh an Ghníomhaireacht meabhráin eile a sheoladh de réir mar is gá.

Airteagal 14 7.

I gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, féadfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, ar bhonn cás ar chás agus faoi réir an dara fhomhír, a chinneadh go bhféadfaidh an t-onnmhairiú dul ar aghaidh, más rud é nach bhfuil aon fhianaise ann ó fhoinsí oifigiúla gurb ann do ghníomh rialála críochnaitheach chun úsáid an cheimiceáin a thoirmeasc nó srian mór a chur air, arna dhéanamh ag an bPáirtí allmhairíochta nó ag an tír eile allmhairíochta agus más rud é, tar éis gach iarracht réasúnta a dhéanamh, nach bhfuarthas freagairt ar iarraidh ar thoiliú sainráite de bhun phointe (a) de mhír 6 faoi cheann 60 lá agus i gcás go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil fianaise ann ó fhoinsí oifigiúla sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta go bhfuil an ceimiceán ceadúnaithe, cláraithe nó údaraithe; nó

(b) 

nach bhfuil an úsáid bheartaithe atá dearbhaithe san fhógra onnmhairíochta agus atá deimhnithe i scríbhinn ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag allmhairiú an cheimiceáin isteach i bPáirtí nó i dtír eile, i gcatagóir ina liostaítear an ceimiceán i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I; agus go bhfuil fianaise ann ó fhoinsí oifigiúla gur úsáideadh an ceimiceán sna cúig bliana dheireanacha sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta lena mbaineann nó gur allmhairíodh an ceimiceán chuig an bPáirtí allmhairíochta nó chuig an tír eile allmhairíochta lena mbaineann.

I gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, ní fhéadfaidh onnmhairiú atá bunaithe ar chomhlíonadh an choinníll faoi phointe (b) dul ar aghaidh má aicmíodh an ceimiceán i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar charcanaigineach de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B, nó mar shó-ghineach de chatagóir 1A nó 1B, nó mar thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B nó má chomhlíonann an ceimiceán critéir Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le bheith marthanach, bithcharnach agus tocsaineach nó an-mharthanach agus an-bhithcharnach.

Agus cinneadh á dhéanamh ar onnmhairiú ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, déanfaidh údarás náisiúnta Bhallstát an onnmhaireora ainmnithe, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gceimiceán sin ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta a bhreithniú, agus déanfaidh sé doiciméid ábhartha a chur isteach chuig an nGníomhaireacht, is doiciméid a bheidh le cur ar fáil trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

Airteagal 14 8.

Beidh bailíocht gach toilithe shainráite a gheofar de bhun phointe (a) de mhír 6 nó gach cinneadh chun dul ar aghaidh leis an onnmhairiú in éagmais toiliú shainráite de bhun mhír 7 faoi réir athbhreithnithe thréimhsiúil ag an gCoimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann mar a leanas:

(a) 

i gcás gach toilithe shainráite a gheofar de bhun phointe (a) de mhír 6, éileofar toiliú sainráite nua faoi dheireadh an tríú bliain féilire tar éis an toiliú a thabhairt, mura n-éileoidh téarmaí an toilithe a mhalairt;

(b) 

mura bhfaighfear freagairt ar iarraidh idir an dá linn, beidh gach cinneadh chun dul ar aghaidh gan toiliú sainráite de bhun mhír 7 bailí ar feadh uastréimhse 12 mhí, agus nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag éileofar toiliú sainráite.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír seo, féadfar leanúint ar aghaidh le honnmhairiú tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha, ar feitheamh ar fhreagairt ar iarraidh nua ar thoiliú sainráite, ar feadh tréimhse breise 12 mhí.

Airteagal 14 9.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach iarraidh ar thoiliú sainráite, gach freagairt a fuair sí agus gach cinneadh dul ar aghaidh gan toiliú sainráite, lena n-áirítear doiciméid dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 7, a chlárú sa Bhunachar Sonraí. Tabharfar uimhir thagartha shainaitheantais do gach toiliú sainráite a gheofar nó a tharscaoilfear agus liostófar é in éineacht leis an bhfaisnéis ábhartha go léir maidir le haon choinníollacha a ghabhann leis, amhail dátaí bailíochta. Déanfar an fhaisnéis nach mbeidh faoi rún a chur ar fáil go poiblí trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.
Airteagal 14 10.
Ní onnmhaireofar aon cheimiceán tráth nach déanaí ná sé mhí roimh a dháta éaga, i gcás gur ann don dáta sin nó nuair is féidir é a thuiscint ón dáta táirgthe, mura mbeidh sin dodhéanta de bharr airíonna intreacha an cheimiceáin. I gcás lotnaidicídí go háirithe, áiritheoidh onnmhaireoirí go mbarrfheabhsófaí toirt agus pacáistiú coimeádán chun go n-íoslaghdófaí an riosca go gcruthófaí stoic chríonna.
Airteagal 14 11.
Nuair a bheidh lotnaidicídí á n-onnmhairiú, áiritheoidh onnmhaireoirí go mbeidh faisnéis shonrach ar an lipéad maidir le coinníollacha stórála agus maidir le seasmhacht stórála faoi dhálaí aeráide an Pháirtí allmhairíochta nó na tíre eile allmhairíochta. Fairis sin, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na lotnaidicídí a onnmhaireofar an tsonraíocht íonachta a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.10.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0649
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.