+Airteagal 17 Faisnéis a ghabhfaidh le ceimiceáin a onnmhairítear
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
|
Airteagal 17 Faisnéis a ghabhfaidh le ceimiceáin a onnmhairítear
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Beidh ceimiceáin a bheartaítear a onnmhairiú faoi réir na bhforálacha maidir le pacáistiú agus le lipéadú a bhunaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i dTreoir 98/8/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, nó dá mbun, nó in aon reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais nó dá bun sin. Beidh an chéad fhomhír infheidhme mura rud é go mbeadh na forálacha sin ar neamhréir le ceanglais shonracha na bPáirtithe allmhairíochta agus na dtíortha eile allmhairíochta.
|
|
Airteagal 17 2.
|
I gcás inarb iomchuí, cuirfear in iúl ar an lipéad dáta éaga agus dáta táirgthe ceimiceán dá dtagraítear i mír 1 nó a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, más gá, tabharfar dátaí éaga den sórt sin do chriosanna éagsúla aeráide.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Gabhfaidh bileog sonraí sábháilteachta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 leis na ceimiceáin dá dtagraítear i mír 1 nuair a onnmhaireofar iad. Seolfaidh an t-onnmhaireoir bileog sonraí sábháilteachta den sórt sin chuig gach duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag allmhairiú an cheimiceáin isteach i bPáirtí nó i dtír eile.
|
|
Airteagal 17 4.
|
Cuirfear an fhaisnéis ar an lipéad agus ar an mbileog sonraí sábháilteachta ar fáil a mhéid is féidir i dteangacha oifigiúla na tíre cinn scríbe nó an limistéir ina mbeartaítear iad a úsáid nó i gceann amháin nó níos mó ná sin de phríomhtheangacha na tíre sin nó an limistéir sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.10.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0649
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|