+Airteagal 5 Fardal na n- ábhar guaiseach
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
|
Airteagal 5 Fardal na n- ábhar guaiseach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Beidh fardal ábhar guaiseach ar bord gach loinge nua, ina sainaithneofar, ar a laghad, na hábhair ghuaiseacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus a bheidh i struchtúr nó i dtrealamh na loinge, an áit ina mbeidh siad, agus garmheastachán ar a gcainníochtaí.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 32(2), déanfaidh longa atá ann faoi láthair mír 1 a chomhlíonadh a mhéid is féidir. I gcás long a bheidh ag imeacht lena n-athchúrsáil, comhlíonfaidh siad mír 1 den Airteagal seo a mhéid is féidir ón dáta a bhfoilseofar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long (“an Liosta Eorpach”) mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) é. Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 32(2), nuair a fhorbrófar fardal na n-ábhar guaiseach, déanfar na hábhair ghuaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar a laghad, a shainaithint.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Maidir le fardal na n-ábhar guaiseach:
(a)
bainfidh sé le long faoi leith;
(b)
beidh sé ina fhianaise go bhfuil an long ag urramú an toirmisc nó na srianta ar shuiteáil nó ar úsáid ábhar guaiseach i gcomhréir le hAirteagal 4;
(c)
beidh treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh nuair a bheidh sé á chur le chéile;
(d)
fíoróidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údarófar í.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Fairis mír 3, ullmhófar plean i leith long atá ann cheana ina mbeidh cur síos ar an tseiceáil amhairc nó ar an tseiceáil de réir samplála lena ndéanfar fardal na n-ábhar guaiseach a fhorbairt agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Beidh trí chuid i bhfardal na n-ábhar guaiseach:
(a)
liosta ábhar guaiseach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, i gcomhréir le forálacha mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo, agus a bheidh i struchtúr nó i dtrealamh na loinge, an áit a mbeidh siad, agus garmheastachán ar a gcainníochtaí (Cuid I);
(b)
liosta den dramhaíl a ghinfear le linn oibrithe a bheidh ar bord na loinge (Cuid II);
(c)
liosta de na stórais a bheidh ar bord na loinge (Cuid III);
|
|
Airteagal 5 6.
|
Déanfar Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta mar is ceart i gcaitheamh shaolré oibríochtúil na loinge, agus cuirfear san áireamh inti aon suiteálacha nua ina mbeidh ábhar guaiseach dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus aon athruithe ábhartha ar struchtúr agus ar threalamh na loinge.
|
|
Airteagal 5 7.
|
Roimh an athchúrsáil agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh, déanfar Cuid II, a mhéad a bhaineann le dramhaíl a ghintear le linn oibriú na loinge agus Cuid III do stórais, a ionchorprú i bhfardal na n-ábhar guaiseach, mar aon le Cuid I a dhéanfar a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta mar is ceart, agus déanfaidh an t-údarás riarachán nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sé é a fhíorú.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmlighte a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun an liosta ítimí ar fhardal na n-ábhar guaiseach atá in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta lena áirithiú go mbeidh ar a laghad na substaintí a liostaítear in Aguisín 1 agus in Aguisín 2 den Choinbhinsiún Hong Cong san áireamh ar an liosta. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe eile maidir le gach substaint a bheidh le cur isteach in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II nó le scrios uathu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|