+Airteagal 6 Ceanglais ghinearálta d’úinéirí long
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
|
Airteagal 6 Ceanglais ghinearálta d’úinéirí long
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Agus long á hullmhú lena cur le haghaidh athchúrsála, déanfaidh úinéirí long an méid a leanas:
(a)
an fhaisnéis go léir is ábhartha don long a chur ar fáil d’oibreoir na saoráide athchúrsála long, ar faisnéis í a mbeidh gá léi chun an plean athchúrsála long a leagtar amach le hAirteagal 7 a fhorbairt;
(b)
fógra i scríbhinn a thabhairt don roinn riaracháin is ábhartha, laistigh de scála ama a bheidh le cinneadh ag an roinn riaracháin sin, faoin rún an long a athchúrsáil i saoráid shonrach athchúrsála long nó i saoráidí sonracha athchúrsála long. Beidh an méid a leanas ar a laghad san áireamh san fhógra:
(i)
fardal na n-ábhar guaiseach; agus
(ii)
an fhaisnéis go léir is ábhartha don long a chuirfear ar fáil faoi phointe (a).
|
|
Airteagal 6 2.
|
Áiritheoidh úinéirí long go mbeidh an méid atá thíos fíor faoi na longa a bheidh le hathchúrsáil:
▼M2
(a)
nach ndéantar iad a athchúrsáil ach amháin i saoráidí athchúrsála long a áirítear sa Liosta Eorpach agus, i gcás longa a meastar gur dramhaíl ghuaiseach iad, atá lonnaithe i limistéar atá faoi dhlínse náisiúnta Ballstáit agus a onnmhairítear ón Aontas, ag na saoráidí sin amháin a áirítear ar an Liosta Eorpach atá lonnaithe i dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel;
▼B
(b)
le linn na tréimhse sula rachaidh an long isteach sa tsaoráid athchúrsála long, go n-oibreofar iad sa tslí go laghdófar a oiread is féidir a mbeidh fágta ar bord d’iarmhar lasta, d’ola breosla agus de dhramhaíl a gineadh le linn oibriú na loinge;
(c)
go mbeidh deimhniú ullmhachta chun athchúrsála acu a eiseoidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí sula ndéanfar aon athchúrsáil ar an long, agus tar éis an plean athchúrsála long arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 7(3) a fháil.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Ina theannta sin, áiritheoidh úinéirí long go mbeidh na humair lasta agus na seomraí caidéil i riocht gur féidir bheith ullamh a dheimhniú go bhfuil sé sábháilte dul isteach iontu agus sábháilte obair the a dhéanamh iontu nuair a bhaineann siad an tsaoráid athchúrsála long amach.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Cuirfidh úinéirí long cóip den deimhniú ullmhachta chun athchúrsála ar fáil d’oibreoir na saoráide athchúrsála long a eiseofar i gcomhréir le hAirteagal 9.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Beidh úinéirí long freagrach as an long agus déanfaidh siad socruithe an long a chothabháil i gcomhréir le ceanglais roinne riaracháin an bhratstáit go dtí an t-am a ghlacfaidh oibreoir na saoráide athchúrsála long an fhreagracht don long sin. Féadfaidh oibreoir na saoráide athchúrsála long diúltú an long a ghlacadh le haghaidh athchúrsála mura mbeidh an riocht ina bhfuil an long ag teacht, cuid mhaith, le sonraí an deimhnithe, lena n-áirítear gan Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach a bheith á coinneáil agus á tabhairt cothrom le dáta mar is ceart chun athruithe ar struchtúr agus trealamh na loinge a léiriú. Sna himthosca sin, beidh úinéir na loinge freagrach as an long sin agus cuirfidh sé sin in iúl don roinn riaracháin gan mhoill.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|