|
+Airteagal 6 2. |
Airteagal 6 2.Áiritheoidh úinéirí long go mbeidh an méid atá thíos fíor faoi na longa a bheidh le hathchúrsáil:
(a)
nach ndéantar iad a athchúrsáil ach amháin i saoráidí athchúrsála long a áirítear sa Liosta Eorpach agus, i gcás longa a meastar gur dramhaíl ghuaiseach iad, atá lonnaithe i limistéar atá faoi dhlínse náisiúnta Ballstáit agus a onnmhairítear ón Aontas, ag na saoráidí sin amháin a áirítear ar an Liosta Eorpach atá lonnaithe i dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel;
(b)
le linn na tréimhse sula rachaidh an long isteach sa tsaoráid athchúrsála long, go n-oibreofar iad sa tslí go laghdófar a oiread is féidir a mbeidh fágta ar bord d’iarmhar lasta, d’ola breosla agus de dhramhaíl a gineadh le linn oibriú na loinge;
(c)
go mbeidh deimhniú ullmhachta chun athchúrsála acu a eiseoidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí sula ndéanfar aon athchúrsáil ar an long, agus tar éis an plean athchúrsála long arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 7(3) a fháil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|