|
+Airteagal 9 3. |
Airteagal 9 3.Faoi réir mhír 4, déanfaidh roinn riaracháin nó an eagraíocht aitheanta a údaróidh sí, de réir mar is iomchuí, deimhniú fardail a eisiúint nó a fhormhuiniú, de réir mar is iomchuí, i gcás ina gcuirtear an suirbhé athnuachana i gcrích go rathúil:
(a)
laistigh den tréimhse trí mhí roimh dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ó dháta éaga an deimhnithe atá ann cheana;
(b)
tar éis dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ó dháta éaga an deimhnithe atá ann cheana;
(c)
níos mó ná trí mhí roimh dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ón dáta ar cuireadh an suirbhé athnuachana i gcrích. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|