+Airteagal 9 Deimhnithe a eisiúint agus a fhormhuiniú
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7.
---+Airteagal 9 8.
---+Airteagal 9 9.

Airteagal 9 Deimhnithe a eisiúint agus a fhormhuiniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.
Tar éis suirbhé tosaigh nó suirbhé athnuachana a chur i gcrích go rathúil, eiseoidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí deimhniú fardail. Forlíonfar an deimhniú sin le Cuid I den fhardal ábhar guaiseach dá dtagraítear in Airteagal 5(5)(a).

I gcás ina ndéanfar an suirbhé tosaigh agus an suirbhé deiridh ag an am céanna dá bhforáiltear in Airteagal 8(8), ní eiseofar ach an deimhniú ullmhachta chun athchúrsála, dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe chun formáid an deimhnithe fardail a bhunú d’fhonn a áirithiú go mbeidh sé i gcomhréir le hAguisín 3 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25 den Rialachán seo.

Airteagal 9 2.
Déanfaidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí deimhniú fardail a fhormhuiniú arna iarraidh sin d’úinéir na loinge tar éis suirbhé breise a bheith curtha i gcrích go rathúil agus é a bheith déanta i gcomhréir le hAirteagal 8(6).
Airteagal 9 3.

Faoi réir mhír 4, déanfaidh roinn riaracháin nó an eagraíocht aitheanta a údaróidh sí, de réir mar is iomchuí, deimhniú fardail a eisiúint nó a fhormhuiniú, de réir mar is iomchuí, i gcás ina gcuirtear an suirbhé athnuachana i gcrích go rathúil:

(a) 

laistigh den tréimhse trí mhí roimh dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ó dháta éaga an deimhnithe atá ann cheana;

(b) 

tar éis dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ó dháta éaga an deimhnithe atá ann cheana;

(c) 

níos mó ná trí mhí roimh dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ón dáta ar cuireadh an suirbhé athnuachana i gcrích.

Airteagal 9 4.
I gcás ina gcuirtear suirbhé athnuachana i gcrích go rathúil agus nach bhféadfar deimhniú fardail nua a eisiúint nó a chur ar bord roimh dháta dhul in éag don deimhniú atá ann cheana, féadfaidh an roinn riaracháin nó an eagraíocht aitheanta a údaróidh sí an deimhniú atá ann cheana a fhormhuiniú agus glacfar leis an deimnhiú sin mar dheimhniú bailí le haghaidh tréimhse breise nach faide ná cúig mí ón dáta éaga.
Airteagal 9 5.
I gcás ina n-eiseofar deimhniú fardail le haghaidh tréimhse is lú ná cúig bliana, féadfaidh an roinn riaracháin nó an eagraíocht aitheanta a údaróidh sí bailíocht an deimhnithe atá ann cheana a shíneadh ar feadh tréimhse breise nach faide ná cuig bliana.
Airteagal 9 6.
In imthosca speisialta a chinnfidh an roinn riaracháin, ní gá go ndátófar deimhniú fardail nua ó dháta éaga an deimhnithe atá ann cheana féin, mar a éilítear le pointe (a) agus le pointe (b) de mhír 3 agus le mír 7 agus le mír 8. Sna himthosca speisialta sin, beidh an deimhniú nua bailí ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana ón dáta inar cuireadh an suirbhé athnuachana i gcrích.
Airteagal 9 7.
I gcás nach mbeidh long ag an gcalafort nó ar ancaireacht san áit ina ndéanfar suirbhéireacht uirthi tráth a rachaidh an deimhniú fardail in éag, féadfaidh an roinn riaracháin, más cuí é sin a dhéanamh, tréimhse bailíochta an deimhnithe a shíneadh le haghaidh tréimhse nach faide ná trí mhí chun go bhféadfaidh an long a turas farraige a chur di chomh fada leis an gcalafort ina ndéanfar suirbhéireacht uirthi. Beidh sé ina choinníoll maidir le haon síneadh a dheonófar go mbeidh an suirbhé críochnaithe ag an gcalafort sin sula gcuirfidh an long chun bealaigh. Long ar deonaíodh síneadh ina leith, ar stríocadh an chalafoirt di ina ndéanfar suirbhéireacht uirthi, ní bheidh sí i dteideal an calafort a fhágáil de bhua síneadh den sórt sin gan deimhniú nua a fháil. Nuair a bheidh an suirbhé athnuachana críochnaithe, beidh an deimhniú fardail nua bailí ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana ó dháta dul in éag an deimhnithe a bhí ann cheana sular deonaíodh an síneadh.
Airteagal 9 8.
Féadfaidh an roinn riaracháin síneadh a chur le deimhniú fardail i gcomhair long a dhéanfaidh gearrthurasanna farraige agus nár cuireadh síneadh leis cheana de réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 7, mar atá, oiread le mí amháin de thréimhse chairde a thabhairt ó dháta a éaga. Nuair a bheidh an suirbhé athnuachana críochnaithe, beidh an deimhniú fardail nua bailí go ceann tréimhse nach faide ná cúig bliana ó dháta éaga an deimhnithe a bhí ann cheana, sular deonaíodh an síneadh.
Airteagal 9 9.
Eiseoidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí deimhniú ullmhachta chun athchúrsála tar éis suirbhé deiridh a bheith curtha i gcrích go rathúil i gcomhréir le hAirteagal 8(7). Beidh fardal na n-ábhar guaiseach agus an plean athchúrsála long ina bhforlíonadh ar an deimhniú fardail sin.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe le go mbunófar formáid an deimhnithe ullmhachta chun athchúrsála d’fhonn a áirithiú go mbeidh sé i gcomhréir le hAguisín 4 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25 den Rialachán seo. Glacfaidh na Ballstáit eile le deimhniú ullmhachta chun athchúrsála a eisítear tar éis suirbhé deiridh, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, agus measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go mbeidh sé ar aon bhailíocht le deimhniú ullmhachta chun athchúrsála a eiseoidh siad féin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.