+Airteagal 10 Fad agus bailíocht na ndeimhnithe
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
|
Airteagal 10 Fad agus bailíocht na ndeimhnithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Faoi réir Airteagal 9, eiseofar deimhniú fardail a bheidh bailí le haghaidh tréimhse a shonróidh an roinn riaracháin agus nach mbeidh níos faide ná cúig bliana.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Scoirfidh deimhniú fardail a eiseofar nó a fhormhuineofar faoi Airteagal 9 den Rialachán seo de bheith bailí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)
mura mbeidh an riocht ina bhfuil an long ag teacht, cuid mhaith, le sonraí an deimhnithe fardail, lena n-áirítear i gcás nach mbeidh Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach á choimeád mar is ceart ná á thabhairt cothrom le dáta mar is ceart, sa tslí go léireofar ann cibé athruithe a rinneadh ar struchtúr agus ar threalamh na loinge, agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh;
(b)
i gcás nach gcríochnófar an suirbhé athnuachana laistigh de na heatraimh a shonraítear in Airteagal 8(5).
|
|
Airteagal 10 3.
|
Eiseoidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí deimhniú ullmhachta chun athchúrsála a bheidh bailí le haghaidh tréimhse nach faide ná trí mhí.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Deimhniú ullmhachta chun athchúrsála ar bith a eiseofar faoi Airteagal 9(9), scoirfidh sé de bheith bailí i gcás nach mbeidh an riocht ina mbeidh an long ag teacht, cuid mhaith, le sonraí an deimhnithe fardail.
|
|
Airteagal 10 5.
|
De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí síneadh a chur leis an deimhniú ullmhachta chun athchúrsála ionas go bhféadfar aon turas amháin ó bhall go ball chuig an tsaoráid athchúrsála long a dhéanamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|